17/11/2014 : €36,000 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Iarthar Dhuibhneach
Dé Luain, 17 Samhain 2014—D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €36,000 ceadaithe aige do Choiste Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Iarthar Dhuibhneach, Baile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí chun cur ar a gcumas trealamh a cheannach don tseirbhís tacaíochta teaghlaigh sa lárionad nua atá tógtha i mBaile an Fheirtéaraigh. Tá an deontas seo sa bhreis ar an deontas tógála de €1,7456,765 a cheadaigh an Roinn i 2013 chun cur ar a gcumas an Lárionad Forbartha a thógáil i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.
Ag fógairt an deontais dó dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé an-sásta an deontas a cheadú. "Tá sé tráthúil go bhfuil an obair ar an lárionad nua seo ag teacht chun críche anois agus plean teanga don cheantar le cur i bhfeidhm. Beidh an áis iontach nua-aimseartha seo agus an tacaíocht a bheas le fáil ann ina chuidiú mór do phobal an cheantair agus go háirithe do lánúnacha óga an cheantair atá ag tógáil a gclanna le Gaeilge. Tá áthas orm a bheith ag tacú leis an choiste gníomhach ceannródaíoch seo agus guím gach rath ar a gcuid oibre."
CRÍOCH