18/02/15

18/02/2015 : Cabhraíonn oibríocht chomhpháirteach idir an SPNF agus na Gardaí ciontuithe a bhaint amach as seilg neamhdhleathach fianna i gCill Mhantáin

Dé Céadaoin, 18 Feabhra 2015—Mar gheall ar oibríocht chomhpháirteach idir Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Garda Síochána, bhítear in ann ciontuithe a bhaint amach in éadan bheirt fhear as seilg neamhdhleathach fianna i Sléibhte Chill Mhantáin.

Ciontaíodh an bheirt fhear de chion faoi na hAchtanna Fiadhúlra. Gearradh fíneáil €1,000 ar fhear amháin acu i gCúirt Chuardach an Náis níos luaithe an mhí seo, agus gearradh fíneáil €1,100 ar an bhfear eile, a phléadáil ciontach de chúisimh sa Chúirt Dúiche i mí na Nollag 2013, agus baineadh a chead tiomána de go ceann dhá bhliain.

Cuireadh tús leis an gcás i mí Feabhra 2012 nuair a tháinig oifigigh ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ar ocht bhfia marbha a bhí curtha i bhfolach in áiteanna ar fud cheantar Bhearna Bhealach Sailearnáin i Sléibhte Chill Mhantáin. Tar éis tuilleadh faireachais a rinne oifigigh ón SNPF agus cuidiú ón nGarda Síochána gabhadh beirt fhear agus, mar chuid d'oibríocht leantach, fuarthas ocht bhfia marbha eile a bhí ceilte ar thaobh an bhóthair.

Oibríonn foireann an SNPF agus Gardaí i gContae Chill Mhantáin go dlúth lena chéile chun troid in éadan choireacht fiadhúlra.  Eagraíonn siad comhphatróil go rialta a bhíonn dírithe ar chionta a aimsiú.  Is ainmhithe cosanta iad fianna faoi na hAchtanna Fiadhúlra agus níl cead iad a sheilg ach i gcásanna áirithe:

  • le cead ó úineír na talún
  • ag amanna áirithe den lá
  • le linn an tSéasúir Oscailte
  • le calabra áirithe raidhfil.

Is cion é faoi na hAchtanna Fiadhúlra gan cloí le riachtanas de chuid duine údaraithe ón SPNF nó de chuid An Gharda Síochána.   Is féidir fineáil idir €1,000 agus €5,000 agus suas le 12 mhí sa phríosún a ghearradh ar chiontú achomair.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service