18/12/2012 - Oibreacha caomhantais ag Teach Chnocán Vernon, Corcaigh agus Séipéal Mhichíl, Inse Chór, Baile Átha Cliath.
D'fhógair Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tacaíocht inniu (18 Nollaig 2012) d'oibreacha práinneacha caomhantais ag Teach Chnocán Vernon i nGort Phroinsias, Co. Chorcaí agus ag Séipéal Mhichíl in Inse Chór, Baile Átha Cliath.
Is teach mór suntasach ón ocht déagú haois é Teach Chnocán Vernon. Agus é ag bronnadh an deontais de €35,000 i gcomhair oibreacha caomhantais ar Theach Chnocán Vernon, mheas an tAire Deenihan go mbeadh sé cuí cúnamh a thabhairt do Chomhairle Contae Chorcaí chun an mhaoin ríthábhachtach stairiúil seo a chosaint.
Is sean-eaglais gharastúin de chuid arm na Breataine é Séipéal Mhichíl agus tá tábhacht shuntasach ailtireachta agus stairiúil ag baint leis. Tá €25,000 bronnta ag an Aire Deenihan ar pharóiste Mhichíl i gcomhair oibreacha práinneacha caomhantais ar an struchtúr.
Dúirt an tAire Deenihan, "Is foirgnimh oidhreachta iad Teach Chnocán Vernon agus Séipéal Mhichíl a bhfuil tábhacht náisiúnta leo. Tá an-áthas orm a bheith in ann tacú leis an obair phráinneach chaomhantais ar na struchtúir seo. Is sócmhainn luachmhar í ár n-oidhreacht thógtha náisiúnta a shaibhríonn ár dtimpeallacht agus a ghineann méid suntasach gníomhacht eacnamaíochta sa turasóireacht, san fhoirgníocht agus sna tionscail ghaolmhara."
Críoch