18/12/13

18/12/2013 : Seolann an tAire Deenihan an Scéim Giarála Post don Oidhreacht Thógtha ar fiú €5 milliún í

  • €5 milliún de mhaoiniú poiblí le bheith meaitseáilte ag €5 milliún ó fhoinsí príobháideacha
  • Tá sé mar aidhm leis an scéim go mbeadh tionchar dearfach aici ar an stoc náisiúnta d'fhoirgnimh oidhreachta agus go dtacófaí ag an am céanna le fostaíocht ar fud na hÉireann

Dé Céadaoin, 18 Nollaig - Tá ciste nua de €5 milliún seolta ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an tUasal Jimmy Deenihan T.D. - an Scéim Giarála Post don Oidhreacht Thógtha - chun struchtúir faoi chosaint a dheisiú agus a chaomhnú.

Tacófar tríd an gciste seo le líon suntasach tionscadal ar fhoirgnimh faoi chosaint ar fud na tíre, agus cruthófar fostaíocht i dtionscal an chaomhantais agus na tógála agus i saincheirdeanna.

Spreagfaidh an Scéim Giarála Post don Oidhreacht Thógtha infheistíocht de chaipiteal príobháideach trí chistí meaitseála poiblí a sholáthar do líon mór tionscadal dlúthshaothair ar scála beag ar fud na tíre. Is é an aidhm a bheidh leis na tionscadail ná struchtúir stairiúla a chaomhnú agus daoine gairmiúla, ceardaithe agus saoir, a bhfuil scileanna agus taithí acu, a fhostú.

Bronnfar maoiniú de €2,500 go €15,000 ar iarratasóirí faoin scéim agus meaitseáilfidh siad na deontais ina n-iomláine. Tá an leithdháileadh a bheidh ag dul chuig gach údarás áitiúil á fhógairt ag an Aire Deenihan inniu.

Dúirt an tAire Deenihan:

“Tá thart ar 50,000 struchtúr faoi chosaint in Éirinn. Tá cónaí ar na mílte daoine i bhfoirgnimh stairiúla. Mar sin, tá áthas orm a fhógairt go bhfuil infheistíocht shuntasach mar seo á déanamh in oidhreacht thógtha na hÉireann.

"Cuireann ár dtimpeallacht thógtha stairiúil le beogacht ár gcathracha, ár mbailte, ár sráidbhailte agus ár dtaobh tuaithe. Cuireann sé lenár dtáirge turasóireachta. Agus, is cion tairbhe suntasach é do rachmas eacnamaíoch trí fhostaíocht dhíreach agus indíreach a chur ar fáil in obair shainiúil thógála agus chaomantais. 

"Is borradh mór airgeadais an scéim seo do na struchtúir oidhreachta. Tá sé i gceist go mbeadh an €5 milliún i maoiniú poiblí á mheaitseáil ag €5 milliún ó fhoinsí príobháideacha, rud a mbeidh tionchar ceart agus dearfach aige ar fhoirgnimh atá faoi chosaint ar fud na hÉireann agus cruthófar fostaíocht san earnáil thógála agus do cheardaithe ag an am céanna.

"Le linn na géarchéime, chaill an oidhreacht thógtha os cionn 90% dá buiséad. Is infheistíocht ríthábhachtach é an leithdháileadh seo de €5 milliún ón gCrannchur Náisiúnta dár bhfoirgnimh oidhreachta. Tá mé ag iarraidh go gcuirfidh an scéim seo le hinfheistíocht shuntasach phríobháideach chun borradh atá ag teastáil go géar a chur faoi na foirgnimh oidhreachta, agus chun poist a chruthú san earnáil thógála agus do cheardaithe."

Tá sonraí faoi oibriú na scéim, agus faoi na leithdháiltí atá á mbronnadh ar gach údarás áitiúil, thíos.

Leithdháileadh Maoinithe faoin SGPOT 2014

Údarás Áitiúil

Líon Struchtúr ar an RPS

Daonra Dhaonáireamh 2011

Leithdháileadh ualaithe 80/20 RPS/POP

Comhairle Contae Cheatharlach

665

55000

€100,000

Comhairle Contae an Chabháin

423

73000

€87,000

Comhairle Contae an Chláir

848

117000

€121,000

Comhairle Contae Chorcaí

2869

400000

€290,000

Comhairle Cathrach Chorcaí

1141

119000

€140,000

Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin

2070

206000

€211,000

Comhairle Contae Dhún na nGall

419

161000

€100,000

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

8914

528000

€692,000

Comhairle Contae Fhine Gall

793

274000

€140,000

Comhairle Contae na Gaillimhe

812

175000

€127,000

Comhairle Cathrach na Gaillimhe

586

76000

€98,000

Comhairle Contae Chiarraí

1173

146000

€146,000

Comhairle Contae Chill Dara

1297

210000

€163,000

Comhairle Contae Chill Chainnigh

1150

95000

€137,000

Comhairle Contae Laoise

927

81000

€121,000

Comhairle Contae Liatroma

302

32000

€71,000

Comhairle Contae Luimnigh

1595

135000

€171,000

Comhairle Cathrach Luimnigh

435

57000

€86,000

Comhairle Contae an Longfoirt

536

39000

€90,000

Comhairle Contae Lú

1486

123000

€162,000

Comhairle Contae Mhaigh Eo

545

131000

€103,000

Comhairle Contae na Mí

1422

184000

€167,000

Comhairle Contae Mhuineacháin

646

60000

€100,000

Comhairle Contae Uíbh Fhailí

1413

77000

€151,000

Comhairle Contae Ros Comáin

568

64000

€95,000

Comhairle Contae Shligigh

699

65000

€104,000

Comhairle Contae Átha Cliath Theas

544

265000

€123,000

Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh

1267

70000

€141,000

Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas

1232

88000

€141,000

Comhairle Contae Phort Láirge

932

67000

€119,000

Comhairle Cathrach Phort Láirge

922

47000

€115,000

Comhairle Contae na hIarmhí

722

86000

€108,000

Comhairle Contae Loch Garman

1417

145000

€161,000

Comhairle Contae Chill Mhantáin

780

137000

€119,000

41550

4588000

€5,000,000

CRÍOCH

Grianghraif ar fáil ó Naoise Culhane: 087-2979739

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service