19/02/15

Sonraí Ollchóisir Lá Breithe Yeats á bhfógairt ag an Aire Humphreys le linn cuairt ar Theach Lissadell

Ta sonraí fógartha inniu (Déardaoin) ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, d’Ollchóisir Lá Breithe Yeats mar chuid de chuairt ar Theach Lissadell i gContae Shligigh. Déanfar an ócáid a óstáil i dTeach Lissadell ar an 13 Meitheamh 2015 chun 150 bliain a chomóradh ó rugadh WB Yeats.

Agus í ag labhairt tráthnóna inniu, dúirt an tAire Mhic Unfraidh:

“Tá lúcháir orm bheith anseo i Lissadell tráthnóna inniu chun sonraí Ollchóisir Lá Breithe Yeats a fhógairt. Beidh scríbhneoirí agus ceoltóirí páirteach san ócáid, agus beidh reacaireacht, plé agus ceol ann. Is tionscnamh spreagúil bliana é Yeats 2015, atá á mhaoiniú ag mo Roinnse mar chuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán, agus lena ndéanfar duine dár mórphearsana litríochta is cáiliúla a cheiliúradh.

“Tá an-áthas orm freisin go bhfuil sraith imeachtaí á beartú ag Lissadell don bhliain seo chugainn chun cuimhneachán 100 bliain Éirí Amach 1916 a chomóradh. Beidh comhdháil trí lá ann i mí na Bealtaine 2016 mar chuid den tsraith sin. Tá mo Roinnse ag stiúradh na pleananna d’Éire 2016, tionscnamh náisiúnta agus idirnáisiúnta an Rialtais leis an Éirí Amach a cheiliúradh. Tá mé ag iarraidh ar dhaoine ar fud na tíre páirt a ghlacadh ann, agus mar sin tá lúcháir orm go bhfuil Teach Lissadell chomh réamhghníomhach is atá.

“Tá Lissadell ar na tithe móra is áille agus is tábhachtaí ó thaobh na staire de in Éirinn. Aithnítear an suntas ailtireachta agus staire a bhaineann leis an bhfoirgneamh agus tá fíor-áthas orm go bhfuil sé ar oscailt don phobal mar shócmhainn luachmhar oidhreachta san Iar-Thuaisceart. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair Edward Walsh agus Constance Cassidy chun an teach a athchóiriú le deich mbliana anuas.

“Is áis den scoth é Lissadell do Chontae Shligigh, ní hamháin don phobal áitiúil ach freisin mar áit a mbíonn tarraingt mhór ag turasóirí uirthi. Tá mo Roinnse tiomanta dár n-oidhreacht thógtha a chosaint, agus de réir mar a thagann biseach ar an ngeilleagar, tá súil agam na tacaíochtaí a mhéadú le haghaidh chothabháil agus chaomhnú foirgnimh stairiúla.

“Is stórtha uathúla ailtireachta, ealaíne agus staire iad tithe móra na hÉireann, ar nós Lissadell. Bíonn scéalta ag baint leo, ní hamháin faoi na teaghlaigh a thóg iad, ach freisin faoi na pobail agus na daoine atá á gcothabháil sa lá atá inniu ann. Mar a léirítear le Lissadell, is ionaid den scoth iad freisin le haghaidh raon leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí.”

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service