19/11/14

19/11/2014 : McHugh—Cistiú le leanúint ar aghaidh d

 Fáilte curtha ag an Aire McHugh roimh phlé dearfach idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil maidir leis na hoileáin nach bhfuil sa Ghaeltacht

Dé Céadaoin, 19 Samhain—Agus é ag labhairt faoi na forbairtí, dúirt an tAire do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD, “Cuirim fáilte inniu roimh an méid dearfach atá tagtha chun cinn maidir le ceist na noileán nach bhfuil sa Ghaeltacht. Aontaíodh go ginearálta i mo Roinnse, Roinn na Gaeltachta, agus i measc mo chomhghleacaí, an tAire Alain Ó Ceallaigh TD, agus a Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil go raibh an cistiú seo ríthábhachtach d'fhorbairt leanúnach na n-oileán seo.

"I ndiaidh an phlé seo, deimhníodh go leanfar ar aghaidh leis an chistiú go dtí deireadh Márta 2015 agus tá mé cinnte go dtiocfar ar réiteach cuí  i gcomhar leis an Aire Ó Ceallaigh agus go ndéanfaidh an dá Roinn, idir an dá linn, bealaí a scrúdú le leanúint ar aghaidh leis na struchtúir agus seirbhísí oileán seo atá riachtanach.

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta Nollaig Ó hÚrdail as cuireadh a thabhairt dom go hInis Arcáin agus chuig an Oileán Mór, áit a bhfaca mé le mo shúile féin an obair ar dóigh atá ar siúl ann agus cé chomh tábhachtach is atá poist na noifigí forbartha pobail do na hoileáin. Tá cuireadh tugtha ag an Aire Micheál Ó Rinn dom fosta cuairt a thabhairt ar na hoileáin amach ó chósta Mhaigh Eo agus tá mé ag súil go mór leis na cuairteanna sin.

"Tuigeann an dá Roinn go maith an tábhacht atá leis na hoifigí forbartha pobail  seo ar na hoileáin nach bhfuil sa Ghaeltacht agus aontaíonn muid go n-oibreoidh muid le chéile le cinnte a dhéanamh go gcoinneoidh an dá Roinn na seirbhísí a chuireann na hoifigí ar fáil agus go dtacóidh siad leo."

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service