19/12/14

19/12/2014 : Eallach na nGarbhchríoch á dtabhairt go bogach i gContae Chill Dara mar chuid de Thionscadal trialach Féaraigh Chaomhantais

Táthar ag dréim leis go rachaidh an tionscadal chun tairbhe do speiceas neamhchoiteanta feileacáin agus seilide

Dé hAoine, 19 Nollaig—D'fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, inniu go bhfuil tús curtha ag a Roinn le Tionscadal trialach Féaraigh Chaomhantais ag Eanach Bhaile an Pholardaigh, gar don Dhroichead Nua i gContae Chill Dara.

Bogadh eallach na nGarbhchríoch ó cheantar áitiúil chuig an suíomh, atá faoi úinéireacht an Stáit den chuid is mó, chun cabhrú le gnáthóga agus spéicis atá neamhchoitianta agus faoi chosaint a chaomhnú. Tá an Fritileán Réisc agus an seilide rinseach, atá ag meath mar gheall ar scrios a ngnáthóga nádúrtha, i measc na spéiceas a bhainfidh tairbhe as an tionscadal.

Dúirt an tAire Mhic Unfraidh:

"Tá sé mar aidhm leis an tionscadal trialach seo spéicis thábhachtacha a chaomhnú ag Eanach Bhaile an Pholardaigh. Trína bhféarú, is féidir le heallach na nGarbhchríoch cosc a chur le plandaí áirithe ag spréadh ar fud na háite, rud a rachaidh chun leasa do spéicis atá i mbaol ar nós an Fritileán Réisc agus an seilide rinseach.

“Beidh oifigigh as Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra mo Roinne ag déanamh monatóireacht chúramach ar an tionscadal go bhfeicfidh siad conas a fhreagraíonn na spéicis sin. Tá tábhacht idirnáisiúnta le hEanach Bhaile an Pholardaigh mar gheall ar an mbailiúchán uathúil de ghnáthóga, éin agus ainmhithe dá dtugann sé tacaíocht. Is áis thábhachtach áitiúil é freisin, ar cuireadh borradh faoi le saoráid nua do chuairteoirí, clárchosán 800m agus painéil léirmhínithe shaindeartha, a cuireadh suas in áiteanna suimiúla faoi leith ar an láithreán."

Bíonn féarú úsáideach mar uirlis bhainistithe caomhantais. Tá eallach na nGarbhchríoch oiriúnaithe do láithreáin ar nós Eanach Bhaile an Pholardaigh agus déanann an fásra garbh snáithíneach ann, nach maith le pórtha eile eallaigh, leas dóibh.

Cuireann córais leathana fhéaraigh den sórt sin cosc le spréadh plandaí tréana a fhásann go hard, mar shampla giolcacha agus féara arda, agus ag an am céanna déanann siad na leadhbanna gnáthóige arda agus gearra, ab fhearr le hinveirteabraigh, a chothabháil.

Tá achar tosaigh de shé heicteár eanaigh roghnaithe don tionscadal trialach seo agus tá 18 heicteár breise de thalamh an Stáit ar an suíomh aitheanta mar thalamh atá oiriúnach do leathnú an tionscadail sna blianta amach anseo.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service