19/12/2014 Liosta bailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu (19 Nollaig 2014) liosta de bhailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012. Agus é ag fógairt an liosta ag lón Nollaig Ghaillimh le Gaeilge, dúirt an tAire Stáit: "Is céim chun tosaigh sa phróiseas pleanála teanga é foilsiú an liosta seo mar a bhaineann sé leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta. Tá mé ag súil go mbeidh na páirtithe leasmhara go léir ag teacht le chéile sna bailte seo chun tabhairt faoi phlean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú."
Tá an liosta á fhoilsiú tar éis don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta próiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil inar lorgaíodh moltaí maidir leis na bailte is oiriúnaí a roghnú le bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. Seo a leanas na bailte atá i gceist:
| Contae | Baile |
| Dún na nGall | Leitir CeanainnAn Clochán Liath
Baile Dhún na nGall |
| Maigh Eo | Béal an MhuirtheadCaisleán an Bharraigh
Baile an Róba |
| Gaillimh | Cathair na GaillimheAn Clochán |
| Ciarraí | Daingean Uí ChúisTrá Lí
Cathair Saidhbhín |
| Corcaigh | Cathair ChorcaíMaigh Chromtha |
| Port Láirge | Dún Garbhán |
| An Mhí | Baile Átha BuíAn Uaimh |
Is é Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí, a bheidh ag obair i gcomhar le heagraíochtaí cuí maidir le hullmhú agus feidhmiú pleananna teanga sna bailte seo, ag brath ar cibé acu an bhfuil an baile suite laistigh nó lasmuigh den Ghaeltacht. Dúirt an tAire Stáit: "Tá sé aontaithe le Foras na Gaeilge agus le hÚdarás na Gaeltachta go ndíreofar i dtús báire ar chathair na Gaillimhe, Leitir Ceanainn agus Daingean Uí Chúis."
CRÍOCH
Nóta d'eagarthóirí
Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tugtar Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar na bailte sin atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na limistéir sin. Tá 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta aitheanta chun críche an Achta.
Chomh fada is a bhaineann sé leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, is é cuspóir Acht na Gaeltachta féachaint conas is féidir an tionchar dearfach atá na bailte seo in ann a imirt ar an nGaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht a chothú agus a threisiú. Is mór an tionchar cultúrtha agus geilleagrach a imríonn an Ghaeltacht ar na bailte a dhéanann freastal uirthi. Bíonn tionchar suntasach chomh maith céanna ag na bailte sin ar an nGaeltacht féin.
Leagtar síos faoin Acht an próiseas faoina bhféadfaí aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Ní foláir don bhaile:
- a bheith suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó taobh leis;
- daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith ann, de réir an daonáirimh is deireanaí;
- ról suntasach a bheith á imirt maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do phobal na Gaeltachta; agus
- tionchar suntasach agus dearfach a bheith á imirt dá réir ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa cheantar Gaeltachta lena mbaineann sé.
Ina theannta sin, caithfidh eagraíocht atá bunaithe sa bhaile a bheith roghnaithe chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga atá forordaithe faoin Acht.
Is é Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí, a bheidh freagrach as eagraíochtaí a roghnú chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta, ag brath ar cibé acu an bhfuil an baile suite laistigh nó lasmuigh de Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta.