20/02/2015 : Ceithre fhógra foilsithe i dtaca leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta
Dé hAoine, 20 Feabhra—D'fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe Mc Hugh T.D., inniu go bhfuil ceithre fhógra foilsithe aige i dtaca leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta seo a leanas:
- Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall
- Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, Co. na Gaillimhe agus Co. Mhaigh Eo faoi seach
- Conamara Láir, Co na Gaillimhe agus
- Múscraí, Co. Chorcaí.
Dúirt an tAire Stáit: “Tá lúcháir orm na fógraí seo a dhéanamh faoi alt 7(3) d'Acht na Gaeltachta 2012. Cuireann na fógraí seo tús oifigiúil leis an phróiseas pleanála teanga sna limistéir seo. Is céim eile chun cinn é seo mar a bhaineann sé le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht.”
Tabharfar tréimhse suas le 2 mhí le feidhm ón lá inniu (20 Feabhra 2015) d'eagraíochtaí chun iarratais a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta le bheith roghnaithe mar eagraíochtaí chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir atá i gceist. Fágann sé seo go mbeidh go dtí an 17 Aibreán 2015 ag eagraíochtaí chun iarratas a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta.
Tabharfar tréimhse suas le 2 bhliain ón dáta ar a roghnaíonn Údarás na Gaeltachta an eagraíocht chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne le measúnú i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe.
Ina dhiaidh sin, beidh tréimhse 7 mbliana ag na heagraíochtaí chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm le cabhair ó Údarás na Gaeltachta. Déanfaidh an Roinn athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna le linn na 7 mbliana sin.
Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas pleanála teanga ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne:http://www.ahg.gov.ie/ie/Straiteis20BliaindonGhaeilge2010-2030/AnProiseasPleanalaTeanga/.
CRÍOCH