20/11/14

20/11/2014 : Creat Tosaíochta Gníomhaíochta á fhoilsiú ag an Aire Mhic Unfraidh chun stádas gnáthóga agus fiadhúlra na hÉireann a fheabhsú

Tá an creat bunaithe ar thuairiscí don AE maidir le stádas Éin, Gnáthóga agus Speicis eile na hÉireann

Déardaoin, 20 Samhain—D'fhoilsigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, Creat Tosaíochta Gníomhaíochta na hÉireann faoin Treoir ón AE madir le Gnáthóga inniu. Sainaithnítear sa chreat, atá faofa ag an Rialtas, raon gníomhaíochtaí atá riachtanach chun cabhrú le stádas gnáthóga agus fiadhúlra na hÉireann a fheabhsú.

Ina measc tá gníomhaíochtaí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, ar nós straitéisí bainistíochta caomhantais, scéimeanna comhshaoil talmhaíochta atá níos dírithe agus athchóiriú ar ghnáthóga. Bunaíodh an Creat ar mhórthuairisc nua maidir le stádas gnáthóga agus speicis na hÉireann, atá á eisiúint inniu freisin, mar aon le tuairisc achomair ar stádas éin na hÉireann, a seoladh chuig an AE le gairid.

Faoin Treoir ón AE maidir le Gnáthóga, tá dualgas ar Éirinn measúnacht a chur ar fáil gach 6 bliana ar stádas ár ngnáthóga agus ár speicis. Foilsíodh an chéad Tuairisc ar Ghnáthóga agus Speicis in 2008. Léirítear sna tuairiscí atá á bhfoilsiú inniu go bhfuil brú leanúnach ar go leor dár ngnáthóga tábhachtacha, ar nós tailte móna, coillte dúchasacha agus gnáthóga ar an gcósta. Tá ag éirí go maith, áfach, le go leor speicis dhúchasacha.

Tá an scéal i ndáil le spéicis éan measctha; cé go dtáinig meath an-mhór ar roinnt speiceas, ar nós an crotach agus an bhreacóg, tharla athbheochan i measc roinnt eile - ar nós an clamhán - agus chuir roinnt eile fúthu in Éirinn den chéad uair - ar nós an mórchnagaire breac.

Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:

"Den chéad uair tá creat cuimsitheach againn ina leagtar amach na bearta is tábhachtaí atá de dhíth chun cosaint níos fearr a chur ar fáil dár speicis atá i mbaol. Is de réir a chéile a chomhlíonfaidh muid an méid sin; beidh turas fada i gceist má táimid chun bail mhaith a chur ar ár ngnáthóga tábhachtacha ó thaobh caomhantais de, agus b'fhéidir go dtógfaidh sé blianta fada do ghnáthóga ar nós portaigh ardaithe. Ach beidh muid in ann ár spriocanna a bhaint amach má chinntíonn muid go ndéanann muid ár n-acmhainní a bhainistiú go faichilleach agus go n-úsáideann muid beartais a chuirfidh leis an dúlra seachas bheith ag dul ina aghaidh.

"Sainaithnítear tosaíochtaí gníomhaíochta sa Chreat agus is féidir é a úsáid mar uirlis chun caiteachas spriocdhírithe ar chaomhnú dúlra a fheabhsú. Ní chruthaíonn sé aon éileamh nua ar chistiú, ná ní chuireann sé aon srianta nua ar fheirmeoirí nó úinéirí talaimh. In ionad sin, soiléiríonn sé na hoibleagáidí is práinní faoi na Treoracha Dúlra ón AE.

"Chuaigh mo Roinnse i ndáil chomhairle le raon leathan de Ranna agus de Ghníomhaireachtaí Rialtais le linn díobh an Creat a chur le chéile.  Is uirlis é a úsáideadh cheana leis na bearta comhshaoil talmhaíochta GLAS a dhearadh. Is mian liom buíochas a ghabháil ach go háirithe leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Síomón Ó Cómhanaigh TD, as a chuid tacaíochta agus rannpháirtíochta sa réimse seo.

"Aibhsítear sa tuairisc ar Ghnáthóga na dúshláin a bhaineann le bainistiú ár bportaigh ardaithe agus ár mbratphortaigh. Is tionscnamh tábhachtach i ndáil le haghaidh a thabhairt ar na húdair imní atá aibhsithe sa tuairisc seo é an obair shuntasach atá ar siúl ag mo Roinnse chun Straitéis Náisiúnta um Thailte Móna, Plean Náisiúnta Bainistíochta Limistéirí faoi Chaomhnú Speisialta ar Phortaigh Ardaithe agus athbhreithniú ar phortaigh ardaithe NHA a fhorbairt .

"Is uirlisí luachmhara iad na tuairiscí seo freisin lenár gcaipiteal nádúrtha a chur chun cinn. Má chosnaítear ár n-oidhreacht nádúrtha agus ár ngnáthóga, cabhraíonn sé le poist sna réigiúin a chur chun cinn agus a chothabháil, agus cuireann sé go dearfach le fás geilleagair. Is gné bunúsach é comhshaol nádúrtha folláin de chosaint earnáil na talmhaíochta, tacaíonn sé leis an earnáil turasóireachta agus is féidir leis cabhrú linn teorainn a chur leis na héifeachtaí is measa d'athrú aeráide. Braitheann mealltacht na hÉireann mar áit chun infheistíocht a dhéanamh ar chomhshaol folláin chomh mór le rátaí cánacha iomaíocha. Rachaidh sé chun leasa dúinn go léir - do ghnó, don talmhaíocht, do phobail áitiúla agus don chomhshaol - má dhéanann muid an acmhainn shaibhir seo a chosaint níos fearr agus má thosaíonn muid ag cur an damáiste a rinneadh san am a chuaigh thart ina cheart."

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service