21/02/2015 : Gach rath á ghuí ag an Aire Mhic Unfraidh ar Cartoon Saloon roimh Dhuaiseanna an Acadaimh
Dé Sathairn, 21 Feabhra—Ghuigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, ádh mór inniu ar Cartoon Saloon roimh shearmanas dhuaiseanna an Acadaimh, a bheidh ar siúl ag an deireadh seachtaine. Tá ainmniúchán do dhuais an Acadaimh faighte ag Cartoon Saloon dá scannán ‘Song of the Sea’ sa chatagóir ‘An Príomhscannán Beochana is Fearr’. Is é seo an dara hainmniúchán Oscar atá faighte ag an gcomhlacht seo atá lonnaithe i gCill Chainnigh; ainmníodh roimhe seo é don scannán ‘The Secret of Kells’ in 2009.
Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:
"Is ionann ainmniúchán d'Oscar agus aitheantas ó do phiaraí sa tionscal siamsaíochta agus scannán ar thalann agus cumas den scoth. Is sampla den scoth é Cartoon Saloon den chumas atá i dtionscal beochana na hÉireann. Thug mé cuairt le gairid ar Cartoon Saloon agus tá lúcháir orm go bhfuil sé ar intinn ag an gcomhlacht a fhórsa oibre a mhéadú sa bhliain amach romhainn, de réir mar a thosaíonn an obair ar an bpríomhscannán nua, The Breadwinner.
"Tá an Rialtas tiomanta do thacaíocht a thabhairt don earnáil bheochana trí chistiú díreach agus dreasachtaí cánach. "Is earnáil fíor-fhuinniúil í earnáil bheochana na hÉireann agus tá acmhainneacht fáis nach beag ann do na blianta amach romhainn. Soláthraíonn sí tuairim is aon trian de na poist uile san earnáil chlosamhairc anseo agus bíonn an ghníomhaíocht léiriúcháin ag méadú bliain i ndiaidh bliana.
"Rinneadh feabhsúcháin ar an Scéim um Fhaoiseamh do Cháin Scannán - Alt 481 - i mBuiséad na bliana seo, rud a imreoidh tionchar dearfach ar earnáil na beochana. Ceadaíodh cistiú anuraidh do 15 thionscadal beochana faoi Alt 481, agus caitheadh €39 milliún san iomlán in Éirinn. Tá mé dóchasach go bhféadfar na figiúir sin a shárú in 2015.
"Guím gach rath ar Cartoon Saloon i ndáil lena ainmniúchán don ghradam Oscar, agus níl aon amhras orm ná go mbeidh gach duine sa tír ag tacú leo oíche Dhomhnaigh."
Trí Bhord Scannán na hÉireann, a mhaoiníonn an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tugtar tacaíocht airgeadais go díreach don earnáil bheochana. Ó bhí 2006 ann, tá beagnach €11 mhilliún de chistiú soláthraithe ag an IFB don earnáil; áirítear air sin €4 mhilliún ar phríomhscannáin agus €7 milliún ar ábhar beochana teilifíse.
CRÍOCH