21/11/2014 : Fógraíonn an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., deontas breise de €17,208 do Chumann Lúthchleas Gael na nDúnaibh
Dé hAoine, 21 Samhain 2014—Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas breise de €17,208 ceadaithe aige do Chumann Lúthchleas Gael na nDúnaibh chun cabhrú leo oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ag na páirceanna peile atá acu sna Dúnaibh. Sin deontas iomlán de €60,228 atá ceadaithe don togra seo.
Ag fógairt an deontais dúirt an tAire McHugh, “Tá súil agam go gcuirfidh ceadú an deontais seo leis na hiarrachtaí atá ar siúl ag Cumann Lúthchleas Gael na nDúnaibh an Ghaeilge a chur chun cinn sa chumann agus sa cheantar, go háirithe i measc an aos óg, agus iad ag ullmhú do Chomórtas Peile na Gaeltachta a bheas á reáchtáil acu in 2018. Tá mé an-sásta go raibh ar mo chumas an deontas a chur ar fáil.”
Críoch