23/01/13

23/01/2013 : Leagann Deenihan amach Clár Polasaí Cultúrtha na hÉireann d'Uachtaránacht na hEorpa

Labhróidh Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, os comhair Choiste Cultúir agus Oideachais Pharlaimint na hEorpa inniu (Dé Céadaoin 23ú Eanáir, 2014)  sa Bhruiséil chun cuntas a thabhairt ar chlár polasaí cultúrtha na hÉireann d'Uachtaránacht na hEorpa.

Seoladh an Clár iomlán Cultúir don Uachtaránacht - Nascann Cultúr -  le déanaí. Tá ócáid an lae inniu i bParlaimint na hEorpa leagtha amach chun plé a dhéanamh ar na moltaí reachtaíochta a chuirfear chun cinn sna sé mhí atá amach romhainn.

Is é príomhthosaíocht na hÉireann díriú ar dhá thogra reachtaíochta – An Eoraip Chruthaitheach 2014 – 2020 agus An Eoraip do Shaoránaigh 2014 – 2020. Cuirfidh Éire chun cinn freisin an togra Príomhchathracha Cultúir na hEorpa 2020 – 2033 le linn na hUachtaránachta.

Dúirt an tAire Deenihan: "Tá An Eoraip Chruthaitheach 2014 – 2020 tábhachtach d'ealaíontóirí agus d'eagraíochtaí ealaíon ar fud an Aontais Eorpaigh ar fad. Ní mór dúinn aontú a fháil air seo ionas go mbeidh an dream atá ag obair sna hearnálacha cultúir agus ealaíon in ann leas a bhaint as an gclár nua a luaithe is féidir."Tháinig an Chomhairle ar pháirtaontú i mí na Samhna seo caite ar Chlár na hEorpa Cruthaithí.  San áireamh ansin bhí forálacha tábhachtacha a bhain leis an tSaoráid Ráthaíochta, a bhfuil dhá aidhm aici, agus is iad sin rochtain ar airgeadas de thart ar €1 billiún a chur ar fáil do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheacha agus tionchar a imirt ar mheon na seirbhísí baincéireachta agus airgeadais maidir le measúnú riosca sna hearnálacha seo. 

"Tá na haidhmeanna seo ríthábhachtach agus má éiríonn leo, d'fhéadfadh mórthionchar dearfach a bheith acu ar na hearnálacha cultúir agus cruthaitheacha.  Cinnteoidh aontú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil go nglacfar leis an gclár Cultúir in am ionas go mbeidh na hearnálacha in ann tosú ag baint leas as ó thús 2014.

"Tá a fhios agam go raibh móran fócas ag ár réamhtheachtaithe mar Uacharáin ar an gComhairle - an Danmhairg agus an Chipir - ar an dá thionscnamh seo agus leanfaimidne leis an obair sin le linn ár dtéarma oifige.  Tá na comhráite seo ar bun i gcónaí agus táim dóchasach go ndéanfar dul chun cinn iontu."

Measann Uachtaránacht na hÉireann freisin gur togra tábhachtach le brú chun cinn é An Eoraip do Shaoránaigh. Tá sé mar aidhm leis an togra rannpháirtíocht shibhialta a fheabhsú ag leibhéal an Aontais, chomh maith le cuimhneachán a threisiú.

Príomhghné eile d'Uachtaránacht na hÉireann is ea glacadh tráthúil an togra do Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa 2020 – 2033 . Dúirt an tAire Deenihan:

"Tá an-suim ag Éire anseo ó tharla go bhfuilimid chun Príomhchathair an Chultúir a óstáil in 2020 - an chéad bhliain den chlár nua." 

Ag leibhéal an AE, tuigtear le fada an lá gur bealach é an cultúr chun caidreamh, comhpháirtíocht agus tuiscint a chothú idir tíortha éagsúla.

"Tá sé mar aidhm ag an gClár iomlán Cultúir don Uachtaránacht - Nascann Cultúr -  cultúr na hÉireann a chur ar taispeáint ar fud na hEorpa agus cultúr na hEorpa a chur ar taispeáint in Éirinn, chomh maith leis na gnéithe comhroinnte dár gcleachtaí cultúrtha a léiriú.

"Is iomaí cineál cultúr san AE. Is páirt é den oidhreacht shaibhir, chomhroinnte atá againn san Eoraip agus creidim go láidir gur chun tairbhe dúinn atá sé ár n-ealaín agus ár gcultúr a chur faoi bhráid phobail níos leithne an AE agus blaiseadh a fháil ag an am céanna de chultúr ár dtíortha comhpháirtíochta," a dúirt an tAire Deenihan mar fhocal scoir.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service