23/11/2012 €12,244 ceadaithe Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. do Chomharchumann Forbartha Ionad Deirbhile, Co. Mhaigh Eo
Tá fógartha ag Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, go bhfuil deontas €12,244 ceadaithe aige do Chomharchumann Forbartha Ionad Deirbhile, Co Mhaigh Eo, chun trealamh a cheannach don áit súgartha in aice leis an Ionad Seirbhísí Teanga.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Is aitheantas é an deontas seo don obair fhónta atá ar bun sa cheantar ag Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile,” a dúirt an tAire Stáit.
CRÍOCH