24/11/2014 : Osclaíonn an tAire Stáit McHugh Ionad Oideachais Theach an Droichid i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Dé Luain, 24 Samhain—Bhí Joe McHugh T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha ar maidin ag 11am chun Ionad Oideachais Theach an Droichid a oscailt go hoifigiúil.
Bhí géarghá ag an gClár Oideachais a oibríonn le tuairim is 2500 páiste scoile gach bliain, le tuilleadh spáis agus áiseanna feabhsaithe, go háirithe ag cuimhneamh ar na laethanta staidéir allamuigh do mheánscoileanna a bunaíodh le déanaí. Is seanteach sa pháirc é Bridge House, a tógadh sa bhliain 1859 agus a úsáideadh le haghaidh críocha éagsúla i gcaitheamh na mblianta, sula ndearnadh Páirc Náisiúnta den eastát agus ó shin.
Anois cuirfidh an teach dhá spás ar nós seomraí ranga, chomh maith le leabharlann agus áiseanna oiliúna, ar fáil do ghrúpaí scoile chun go bhféadfaidh siad staidéar a dhéanamh chun cur lena gcuid siúlóidí dúlra agus a gcuid oibre allamuigh. Taobh amuigh, déanfar an gairdín a fheabhsú chun spás foghlama teagmhálaigh a sholáthar ina bhféadfaidh grúpaí tuilleadh a fhoghlaim faoi gharradóireacht fhiadhúlra agus suirbhéanna a dhéanamh ar fheithidí, éin agus mamaigh bheaga. Tá an-éileamh ar an spás lasmuigh le haghaidh obair allamuigh éiceolaíochta na hardteistiméireachta.
Tá foireann ghairmiúil agus oibrithe deonacha ag cabhrú le háit a chruthú a bheidh an-speisialta do leanaí d'aoiseanna agus cumais éagsúla, ón dá thaobh den teorainn, chun dul i ngleic leis an domhan nádúrtha agus chun foghlaim faoin aon Pháirc Náisiúnta amháin atá le fáil i gCúige Uladh.
Agus é ag oscailt an ionaid nua, mhol an tAire Stáit McHugh an obair atá ar siúl i Seirbhís Oideachais Ghleann Bheatha chun teagasc eolaíochta, dúlra agus bithéagsúlachta a dhéanamh níos tarraingtí don aos óg. Dúirt an tAire Stáit: “Is sampla ar dóigh é an Clár Oideachais – agus go deimhin, is eiseamláir é do Chláir eile – den méid a thig a bhaint amach le beagán acmhainní agus nuair a thagann foireann de dhaoine tiomanta le chéile chun comhfhís a bhaint amach agus gealltanas comhroinnte a thabhairt acmhainn oideachais a fhorbairt, i gcroílár an phobail, le go mbeadh páistí ag gach aois agus ag gach leibhéal cumais in ann dul i ngleic leis an dúlra agus foghlaim faoin luach atá leis an t-aon Pháirc Náisiúnta amháin i gCúige Uladh.”
CRÍOCH