26/11/2014 : Próiseas comhairliúcháin phoiblí ar dhó agus bearradh fálta á fhógairt ag an Aire Mhic Unfraidh
Dé Céadaoin, an 26 Samhain 2014—Sheol an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, próiseas comhairliúcháin phoiblí inniu maidir le hathruithe a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar Alt 40 den Acht um Fhiadhúlra, lena rialaítear dó agus bearradh fálta.
Is iad príomhchuspóirí Alt 40 beathra éan a chosaint le linn an tséasúir neadaithe, dóiteáin foraoise a chosc, agus fásra agus gnáthóga fiadhúlra a chosaint le linn míonna fáis agus atáirgthe. Tá tuairimí an phobail agus pháirtithe leasmhara á lorg ag an Aire d’fhonn éifeachtúlacht leanúnach na rialuithe a chinntiú.
Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:
“Tá sé tugtha le tuiscint ag úineirí talún go bhfuil an tréimhse dhúnta le haghaidh dó agus bearradh, a mhaireann ón 1 Márta go dtí an 31 Lúnasa, ró-dhocht agus gur cheart í a leasú chun ceisteanna bainistíochta talún a chur i gcuntas.
“Is é an aidhm leis an athbhreithniú seo, atá á thionscnamh ag mo Roinnse, cinnte a dhéanamh go gcuirfear an córas is fearr a oireann don dá thaobh i bhfeidhm, agus go gcosnaítear an bhithéagsúlacht ag an am céanna.
“Tabharfaidh an próiseas comhairliúcháin phoiblí, atá á sheoladh agam inniu, deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir le hoibriú na rialuithe sin. Mholfainn do pháirtithe leasmhara aighneacht a chur isteach agus breathnófar ar gach tuairim mar chuid d’aon athruithe féideartha ar na rialuithe.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Is féidir teacht ar an doiciméad comhairliúcháin seo ar líne ag:http://www.npws.ie/legislationandconventions/Public%20Consultation%20Section%2040.pdf
Fáiltítear roimh aighneachtaí agus tuairimí ar nó roimh an Aoine, an 9 Eanáir 2015.
Is iad príomhchuspóirí Alt 40 beathra éan a chosaint le linn an tséasúir neadaithe, dóiteáin foraoise a chosc, agus fásra agus gnáthóga fiadhúlra a chosaint le linn míonna fáis agus atáirgthe.
Tá tréimhse dhúnta idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa leagtha amach sa reachtaíocht, agus beidh cosc lena linn ar aon fhásra atá ‘ar aon talamh nach mbeidh san am sin saothraithe‘, ná aon fhásra atá ag fás i ndíog nó i bhfál, a scrios.
Tá díolúintí teoranta ann i ndáil leis seo, mar shampla, fiailí díobhálacha a scríos ar mhaithe le sláinte agus sábháilteachta le linn oibreacha atá ceadaithe faoi reacht etc.