28/01/14

28/01/2014 - Fógraíonn an tAire Deenihan Cathaoirleach agus Baill nua ar an gComhairle Ealaíon

Dé Máirt, 28 Eanáir - Tá Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tar éis Cathaoirleach ainmnithe nua agus cúigear ball nua a fhógairt don Chomhairle Ealaíon, gníomhaireacht an Rialtais a bhfuil freagracht uirthi as na healaíona in Éirinn a mhaoiniú agus a fhorbairt.

Tá Cathaoirleach agus 12 bhall ar an gComhairle Ealaíon, iad ar fad ceaptha ag an Aire Ealaíon agus iad ag cur isteach téarma cúig bliana. Tháinig téarma oifige an iar-Chathaoirligh agus cúigear ball den Chomhairle Ealaíon chun deireadh ag deireadh 2013, agus tógfaidh na haimneacha atá á bhfógairt inniu áiteanna na ndaoine sin ar an gComhairle Ealaíon.

Is í Sheila Pratschke Uasal an Cathaoirleach ainmnithe. De réir na nósanna imeachta do cheapacháin dá leithéid, deimhneofar a post tar éis dul i láthair Choiste Oireachtais ag dáta atá fós le socrú. Is iad an Dr Éimear O’Connor, Monica Spencer Uasal, Miriam Dunne Uasal, an tUasal Brian Maguire agus Joan Sheehy Uasal an cúigear ball nua ar an gComhairle Ealaíon.

Bhí an Cathaoirleach ainmnithe, Sheila Pratschke Uasal, ina Stiúrthóir ar an Centre Culturel Irlandais i bPáras ó 2007 go 2013, ina stiúrthóir ar an Tyrone Guthrie Centre ó 2001 go 2007 agus ar Institiúid Scannán na hÉireann.

Dúirt an tAire Deenihan:

"Tá an-áthas orm Cathaoirleach nua ainmnithe agus baill na Comhairle Ealaíon a fhógairt. Ar fud réimse cineálacha ealaíon - ón ailtireacht go dtí na hamharcealaíona - tá ról fíorthábhachtach ag an gComhairle Ealaíon i dtacú le healaíontóirí aonair agus le heagraíochtaí ealaíon ina gcuid oibre. D'fhulaing earnáil na n-ealaíon - fearacht gach earnáil eile in Éirinn - tréimhse dhúshlánach le blianta beaga anuas.  Tá saibhreas taithí ag an gCathaoirleach ainmnithe nua agus ag na baill nua a rachaidh chun leasa forbairt na n-ealaíon in Éirinn sa todhchaí." 

Mhol an tAire Deenihan an t-iar-Chathaoirleach, Pat Moylan, ar chríochnaigh a théarma ina Chathaoirleach ag deireadh 2013.  Dúirt sé gur duine í a "d'oibrigh go díograiseach ar son na n-ealaíon in Éirinn fad a bhí sí ina Cathaoirleach ar an gComhairle".

Críoch

Tuilleadh sonraí faoi cheapaithe nua na Comhairle Ealaíon:

Bhí Sheila Pratschke Uasal ina Stiúrthóir ar an Centre Culturel Irlandais i bPáras ó 2007 go 2013, agus ina stiúrthóir ar an Tyrone Guthrie Centre ó 2001 go 2007. Bhí sí ina stiúrthóir tráth freisin ar Institiúid Scannán na hÉireann. Tá cáilíochtaí aici as UCD, chomh maith le dioplóma sna Mínealaíona agus sna hEalaíona Feidhmeacha ón IPAV.

Bhí an Dr Éimear O’Connor ina ball den Chomhairle Ealaíon cheana.  Ceapadh í i Meán Fómhair 2011. Fuair an Dr. O'Connor HRHA a PhD ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus is staraí ealaíon í a bhfuil saineolas aici ar ealaín na hÉireann agus roinnt acaláidí acadúla bainte amach aici as sin. Toghadh an Dr. O'Connor ina Ball Onórach den Acadamh Ibearnach Ríoga in 2010 as a cion tairbhe do na healaíona in Éirinn.

Is aisteoir, stiúrthóir agus éascaitheoir drámaíochta don óige í Monica Spencer Uasal a bhfuil baint aici le Gréasán Phobail Chruthaitheacha Luimnigh.  Is éascaitheoir í le Seirbhísí Promhaidh Óige Céim agus tá cúlra láidir sa damhsa aici.

Tá taithí mhór ag Miriam Dunne Uasal ar obair le heagraíochtaí ealaíon, le himeachtaí agus le húdaráis áitiúla in Éirinn.   Tá spéis ar leith ag Dunne san amharclannaíocht sráide agus sa sorcas agus tá sí ina Cathaoirleach faoi láthair ar AOIFE (the Association of Irish Festival Events).

Is amharcealaíontóir é an tUasal Brian Maguire a fuair a chuid oiliúna i Scoil Ealaíne Dhún Laoghaire agus sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD). Ceapadh an tUasal Maguire ina ollamh agus ina cheann ar dhámh na mínealaíon san NCAD in 2000 agus ball é d'Aosdána. Tá a shaothar i mbailiúcháin in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, i nGailearaí Hugh Lane i mBaile Átha Cliath, i Músaem Alvar Aalto san Fhionlainn agus san Gemeentemuseum sa Háig, an Ísiltír.

Joan Sheehy Uasal ina haisteoir gairmiúil le beagnach 35 bliain.  Tá obair mhór déanta aici le hAmharclann na Mainistreach, Amharclann an Gheata, an Project Arts Centre i mBaile Átha Cliath agus i Moscó, i Leningrad, i Nua-Eabhrac agus san Almedia Theatre i Londain. I measc na scannán agus na léiriúchán teilifíse a raibh baint aici leo bhí Escape for Virgie do Hill 16 Films, The Stranger do Thames TV, Hard Shoulder, Ann Devlin, The Field, The Playboy of the Western World do Channel 4, agus Into the West, Happy Birthday to Me, agus Tales from the Poorhouse.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service