28/11/14

28/11/2014 : €2,929 ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., do Choiste Halla Cholm Cille, Baile na Finne

Dé hAoine, 28 Samhain—Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go  bhfuil deontas de €2,929 ceadaithe aige do Choiste Halla Cholm Cille, Baile na Finne, Co. Dhún na nGall chun trealamh spóirt a cheannach le húsáid sa Halla.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil agus go gcuirfidh an trealamh aclaíochta nua seo le húsáid an halla mar áis chaithimh aimsire, go háirithe d’aos óg an cheantair.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service