28/11/14

28/11/2014 : €7,012 ceadaithe d’Áras Éanna Teo, Inis Oírr ag an Aire McHugh

Dé hAoine, 28 Samhain—D'fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €7,012 ceadaithe aige do Ionad Ealaíne Áras Éanna ar Inis Oírr, Co na Gaillimhe chun cur ar a gcumas trealamh áirithe a cheannach.

Ag fógairt an deontais dó dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú le hÁras Éanna an trealamh riachtanach seo a cheannach:  “Tá mé cinnte go mbainfidh pobal an oileáin leas agus tairbhe as an infheistíocht seo agus go gcuideoidh sé leo taispeántais eile a chur ar siúl san Áras, rud a mheallfaidh turasóirí chuig an oileán.”

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service