28/11/14

28/11/2014 : €15,000 ceadaithe do Choiste Chéim Aniar, Na Dúnaibh, ag an Aire Stáit McHugh

Dé hAoine, 28 Samhain—D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €15,000 ceadaithe aige do Chéim Aniar, Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall chun cabhrú leo le costais riaracháin na heagraíochta ó Eanáir 2015 go Márta 2015.

Ag fógairt an deontais dúirt an tAire McHugh go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas a leithéid de dheontas a chur ar fáil do Chéim Aniar, mar go bhfuil sár obair ar siúl acu i gcur chun cinn na Gaeilge i leithinis Ros Goill.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service