30/04/14

30/04/2014 - Cead faighte d

Dé Céadaoin, 30ú Aibreán - Tá Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tar éis dearaí athbhreithnithe a cheadú inniu chun ionad cuimhneacháin a chruthú ag an séadchomhartha náisiúnta ag Uimhreacha 14 – 17 Sráid an Mhúraigh, Baile Átha Cliath, agus tá roinnt coinníollacha nua curtha in áit freisin.

Ba é Uimhir 16 Sráid an Mhúraigh an cheanncheathrú dheireanach a bhí ag ceannairí Éirí Amach 1916 sular ghéill siad.  Caomhnaíodh le hordú Uimhreacha 14, 15, 16 agus 17 Sráid an Mhúraigh mar shéadchomhartha náisiúnta in  2007 rud a chiallaíonn go dteastaíonn cead i scríbhinn ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun oibreacha ar bith a dhéanamh a chuirfeadh as don séadchomhartha.

Dúirt an tAire Deenihan:

"Cinnteoidh an cinneadh atá déanta agam go mbeidh todhchaí cheann de na suíomhanna is tábhachtaí i stair chomhaimseartha na hÉireann slán. I dteannta an ionaid léirmhíniúcháin atá beartaithe ag Ard-Oifig an Phoist, cuirfidh ionad cuimhneacháin Shráid an Mhúraigh lárphointe ar fáil dár gcomóradh ar na himeachtaí, na daoine agus na híobairtí a rinne siad i 1916."

"Ó tharla maoiniú a bheith in áit anois, agus tograí cuí athchóirithe ceadaithe, is deis iontach í seo dúinn - laistigh d'achar teoranta ama - ionad cuimhneacháin athchóirithe a bheith againn ar Shráid an Mhúraigh d'ócáidí comóraidh céad bliain 2016."

Cúlra

I mí Iúil 2013, shínigh an tAire Deenihan ordú ceada d'oibreacha ag Séadchomhartha Náisiúnta Shráid an Mhúraigh. Cheadaigh an t-ordú ceada a shínigh an tAire ionad cuimhneacháin a chruthú ag an séadchomhartha náisiúnta ag Uimhreacha 14-17 Sráid an Mhúraigh, lena n-áirítear deisiú agus athchóiriú iomlán ar na foirgnimh sin.

Níor cheadaigh an t-ordú ceada struchtúr ar bith ag an séadchomhartha náisiúnta a scrios, ná aon ábhar a thógáil ón séadchomhartha náisiúnta, atá ann ó 1916 nó roimhe. Chomh maith leis sin, níor cheadaigh an t-ordú ceada oibreacha chun carrchlós faoi thalamh a sholáthar laistigh de theorainn shuíomh an tséadchomhartha náisiúnta, ná aghaidheanna Uimhreacha 15 agus 16 Lána an Mhúraigh a scrios. Cuireadh réimse eile coinníollacha leis an ordú ceada chomh maith.

Bhí an cead ag brath ar dhearadh tionscadail athbhreithnithe a bheith curtha faoin bhráid an Aire laistigh de 9 mí; dearadh a chuirfeadh san áireamh go hiomlán gnéithe an togra a bhfuil cead diúltaithe dóibh agus na coinníollacha atá ceangailte leis na hoibreacha ceadaithe. Cuireadh na dearaí athbhreithnithe faoi bhráid an Aire i mí an Mhárta i mbliana agus tá measúnú déanta orthu agus iad ceadaithe anois.

Coinníollacha nua

Tá roinnt coinníollacha nua curtha lena chead ag an Aire i gcomhair chruthú an ionaid chuimhneacháin.  Éilíonn na coinníollacha breise:

  • Balla binne nua le hUimh. 14 Sráid an Mhúraigh in áit an chríoch shealadach a bhí le cur in áit go dtí go rachadh an mhórfhorbairt chun cinn.
  • Tógfar foirgneamh nua, a bheidh mar chuid den Ionad Cuimhneacháin, le taobh Uimh. 17 Sráid an Mhúraigh mar chuid den tionscadal athchóirithe.
  • Tá ráite ag an Aire faoi na coinníollacha seo “go gcinnteoidh siad go mbeidh bailchríoch agus cuma ar ardchaighdeán ar na tithe seo ón tús a luífidh lena dtábhacht stairiúil

Tá na lánaí timpeall ar shuíomh an tséadchomhartha - Plás Anraí, Lána an Mhúraigh agus Paráid Uí Rathaille - le coinneáil mar chuid den mhórfhorbairt.   Ní mór don iarratasóir dul i mbun comhráite le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i ndáil le téarmaí an cheada pleanála a thug an Bord Pleanála in 2010 a éilíonn togra mionsonraithe tionscadail, ina bhfuil suntas stairiúil na suíomhanna ríthábhachtacha fad an bhealaigh éalaithe ó Ard-Oifig an Phoist tríd an suíomh le feiceáil agus léirmhíniú déanta orthu, le cur faoi bhráid na Comhairle i gcomhair a gceada.

Maidir le forbairt an mhórcheantair timpeall ar Shráid an Mhúraigh, tá breithniú mionsonraithe déanta ar na pleananna seo agus iad ceadaithe sna cinntí a rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus an Bord Pleanála faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt idir 2008 agus 2010. Ba é ról an Aire measúnú a dhéanamh ar an rud is fearr don séadchomhartha náisiúnta ag Uimhreacha 14 go 17 Sráid an Mhúraigh de réir théarmaí an Ordaithe Chaomhnaithe a cuireadh ar an suíomh in 2007.

Cruinnithe

An tseachtain seo caite, chas an tAire le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear gaolta leo siúd a throid i 1916 - idir iad siúd atá i bhfabhar agus i gcoinne na bpleananna reatha, agus chas sé freisin le Coiste Comhairleach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do Shráid an Mhúraigh agus comhaltaí an Oireachtais.  Tharla sin tar éis rannpháirtíocht fhairsing le gach grúpa, roimh agus tar éis don chead a bheith bronnta i mí Iúil na bliana anuraidh.

Ag léiriú ómós do ghaolta Cheannairí 1916, dúirt an tAire:

"Spreag na gaolta agus a lucht tacaíochta feachtas rathúil a raibh déanamh an Ordaithe Chaomhnaithe in 2007 mar thoradh air. Gan a ndíograis agus a dtiomantas, ní bheadh na foirgnimh seo - a bhí le leagan i 1999 - fós ina seasamh."

"Ba é an ról a bhí agamsa ná an rud is fearr a chinntiú d'Uimhreacha 14 go 17 Sráid an Mhúraigh, ag cur san áireamh reachtaíocht na séadchomharthaí náisiúnta agus téarmaí an Ordaithe Chaomhnaithe a cuireadh ar an suíomh."

"Anois, creidim gur cheart go mbeadh sé mar aidhm againn uile a chinntiú go mbeadh ionad cuimhneacháin - chun íobairtí gach duine a raibh baint acu le 1916 a chomóradh - oscailte don phobail in am do chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca."

 

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service