30/10/2014: Leabhar á sheoladh ag an Aire Mhic Unfraidh faoi stair theithigh Bheilgeacha an Chéad Chogaidh Domhanda i Muineachán
Déanfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh T.D., leabhar nua le Cumann Comórtha Céad Bliain Chearnóg na Beilge Mhuineacháin, faoi na teifigh ón mBeilg a tháinig go Contae Mhuineacháin le linn an Chéad Chogaidh Domhanda, a sheoladh tráthnóna inniu. Is é atá mar aidhm leis an leabhar, dar teideal "Belgian Square, 100 Years", cuimhneamh ar an tionchar a bhí ag an Chéad Chogadh Domhanda ar Mhuineachán agus ar na teifigh ón mBeilg a tháinig chuig an gcontae céad bliain ó shin.
Bhí ag na mílte Beilgeach teitheadh óna dtír dhúchais le linn an Chéad Chogaidh Domhanda agus tháinig tuairim is 3,000 acu go hÉirinn idir 1914 agus 1918. I mBaile Mhuineacháin, cuireadh coiste beag áitiúil le chéile, faoi cheannaireacht Aintín Winston Churchill, Leonie Leslie, chun 27 dteach, a raibh £4,000 caite ag an gComhairle Uirbeach orthu lena n-athrú ó dhún míleata ón 18ú céad, a ullmhú chun cóiríocht a chur ar fáil do theifigh na Beilge. Roimh i bhfad tugadh Cearnóg na Beilge ar an Dún.
Ag labhairt di roimh an seoladh, dúirt an tAire Mhic Unfraidh:
"Tá go leor leor cúiseanna againn le bheith bródúil as ár n-oidhreacht anseo i Muineachán, agus tá na mílte teaghlach ar fud an Chabháin agus Mhuineachán ar cuimhin leo gaolta a throid sa Chéad Chogadh Domhanda, san Éiri Amach nó i gCogadh na Saoirse.
"Bhí mé sa Bheilg níos luaithe an tseachtain seo, áit ar cuireadh ina luí orm go bhfuil na híobairtí a rinne na fir agus a dteaghlaigh as Muineachán agus ón gCabhán á n-onórú acu siúd a bhfuil cónaí orthu sa cheantar inar throid na fir sin, agus inar cailleadh i bhfad barraíocht acu.
"Céad bliain ó shin cuireadh fáilte roimh ghrúpa beag teifeach ón mBeilg, agus tá a fhios agam nár ligeadh sin i ndearmad riamh sa Bheilg. Tá oidhreacht iontach fágtha ag na teifigh Bheilgeacha in Éirinn, ó Mhainistir na Coille Móire go láithreacha ar nós Cearnóg na Beilge i Muineachán.
"Bhain ár bpobail tairbhe as an insní de scileanna agus buanna ilchineálacha, lena n-áirítear uathu siúd a bhí in ann Fraincis a theagasc, bácáil a dhéanamh agus obair shnáthaide a dhéanamh. Nuair a bhí cuidiú de dhíth ar na daoine sin, chuaigh muintir Mhuineacháin sa bhearna bhaoil, agus tá súil agam go gcuideoidh an leabhar iontach seo agus an bailiúchán d'íomhánna saibhreas ár staire áitiúil a thaispeáint do dhaoine, chomh maith leis an fháilte a fheartar do chuairteoirí go Muineachán fiú sa lá atá inniu ann.
CRÍOCH