€97,500 ceaduithe do Thearmann Éanna chun cur ar a gcumas tithíocht shóisialta a fhorbairt do Dhaoine Scothaosta i gCeantar na nOileán
Tá fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne TD, go bhfuil deontas de €97,500 ceadaithe aige do Thearmann Éanna Teo. i gConamara, Co. na Gaillimhe, chun cur ar a gcumas maoin a cheannach agus a fhorbairt mar thithíocht shóisialta do dhaoine scothaosta in Eanach Mhéain, Béal an Daingean, Co. na Gaillimhe.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas an deontas seo a chur ar fáil do Thearmann Éanna. Cuirfidh a leithéid de sheirbhís go mór leis na háiseanna atá ar fáil do dhaoine aosta an cheantair. “Is infheistíocht é seo san infreastruchtúr Gaeilge i gceantar na nOileán” a dúirt an tAire Kyne. “Cuideoidh sé le spiorad an phobail agus cabhróidh sé le háit chónaithe a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu.”
Crioch