Páirt mhór le glacadh ag Amharclann na Mainistreach sa chlár comórtha céad bliain lena n-áirítear céad taibhithe, léiriúcháin nua de théacsanna clasaiceacha agus camchuairteanna idirnáisiúnta mar chuid d’Éire 2016.
Tháinig an Tánaiste, Joan Burton TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit Aodhan Ó Ríordáin, le chéile le Fiach Mac Conghail, Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach, inniu (Dé Céadaoin, an 28 Deireadh Fómhair 2015) le sonraí Waking the Nation a fhógairt, ar mórthionscnamh Amharclann na Mainistreach é mar chuid d'Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain.
Chun comóradh a dhéanamh agus aitheantas a thabhairt do mhórimeachtaí stairiúla 1916, tá Amharclann na Mainistreach ag tabhairt cuireadh d’ealaíontóirí agus do lucht féachana machnamh a dhéanamh ar ár stair agus tabhairt faoi súil úr a chaitheamh ar Éirinn an lae inniu agus Éire na todhchaí. Mar chuid d’Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, is iomaí guth nua Éireannach agus athléiriú ar chuid de na drámaí is mó ó stór Amharclann na Mainstreach a bheidh á chur ar taispeáint le linn shéasúr spreagúil na hAmharclainne dar teideal Waking the Nation.
I mí Aibreáin 1916 d’fhág baill foirne agus baill de chompántas aisteoireachta Amharclann na Mainistreach chun páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca. Seo a leanas Reibiliúnaigh Amharclann na Mainistreach: Sean Connolly, ball d’Arm Cathartha na hÉireann, agus an chéad reibiliúnach a fuair bás, Máire Nic Shiubhlaigh, ball de Chumann na mBan; Helena Molony, ceannaire ceardchumainn agus ceannaire san Arm Cathartha; Ellen Bushell, uiséir; Barney Murphy, giolla stáitse agus duine d’Óglaigh na hÉireann; Arthur Shields, duine d’Óglaigh na hÉireann a raibh cáil air mar aisteoir in Hollywood agus Peadar Kearney, maor fearais agus údar Amhrán na bhFiann. Déanfaidh Amharclann na Mainistreach leacht nuashonraithe a nochtadh chun Reibiliúnaigh na hAmharclainne a onórú le linn 2016 agus chun tuilleadh ainmneacha a chur i gcuntas, ainmneacha ar cheart aitheantas a thabhairt dóibh.
San áireamh i bhfógra Amharclann na Mainistreach tá:
- Trí dhráma nua a bheidh á gcur ar an stáitse den chéad uair riamh ar domhan, le David Ireland, Sean P. Summers agus Philip McMahon agus Raymond Scannell
- Léiriú nua ar shaothar clasaiceach Sean O’Casey, The Plough and the Stars , leis an stiúrthóir Sean Holmes, a bhfuil gradam Olivier buaite aige, agus tar éis an taibhiú in Amharclann na Mainistreach, tabharfar an dráma ar camchuairt ar fud na hÉireann agus Mheiriceá Thuaidh.
- Léiriú nua ar Othello le Shakespeare, leis an stiúrthóir mór le rá, Joe Dowling.
- Comhléiriú mór le Headlong, Citizens Theatre,Liverpool Everyman agus Playhouse Theatre ar Observe the Sons of Ulster Marching Towards the Somme le Frank Mc Guinness, a rachaidh ar camchuairt freisin go Tuaisceart Éireann agus go dtí an Bhreatain.
- I gcomhar le Baboró, an Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon do Leanaí, déanfaidh Amharclann na Mainistreach teagmháil le tuairim is 700 scoil ar fud na tíre le monalóg a coimisiúnadh go speisialta do leanaí, Me, Mollser le Ali White.
- Cuirfidh an Amharclann léiriú de chuid an Oyoun Theatre agus an Khashabi Theatre, dar teideal New Middle East, ar an ardán le linn Sheachtain na Cásca 2016.
- Tar éis an rath a bhí ar na Siompóisiaim Theatre of Memory (2014) agus Theatre of War (2015), beidh Amharclann na Mainistreach ag déanamh scrúdú ar na dúshláin a bhaineann le comóradh sa tríú siompóisiam agus an ceann deireanach, Theatre of Change, ina mbreathnófar ar an todhchaí agus na dúshláin a bheidh ag Éirinn thar na cúig bliana amach romhainn.
Ag labhairt ag seoladh Waking the Nation, dúirt an Seanadóir Fiach Mac Conghail, Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach, an méid seo: “Bhí Amharclann na Mainistreach ag croílár Athbheochan Cultúrtha na hÉireann agus mar chompántas amharclannaíochta bhí príomhpháirt aici sa díospóireacht chultúrtha agus pholaitiúil faoin tuiscint a bhí ag teacht chun cinn ar ár nGaelachas agus ár neamhspleáchas ón Bhreatain. Ní dhearna Reibiliúnaigh Amharclann na Mainistreach idirdhealú idir ról an chultúir agus an neamhspleáchais, idir an amharclannaíocht agus an pholaitíocht. Inniu tá oidhreacht na ndaoine iontacha seo á hiompar ar aghaidh againn agus muid ag tabhairt faoi bhliain mhachnaimh agus comhrá trí dhrámaíocht, in éineacht lenár n-ealaíontóirí agus lucht féachana.
Is é an aidhm atá le Waking the Nation ná an t-am atá thart a cheistiú seachas é a cheiliúradh. Le níos mó ná 110 bliain anuas tá stáitse na hAmharclainne ag feidhmiú mar ardán chun sochaí na hÉireann a léiriú trí dhrámaíocht. Tá sé de chumhacht ag drámaí ceisteanna a chur a mhaireann ar feadh na nglúnta. Creidim gur cheart dúinn éisteacht leis an méid atá scríofa ag ár ndrámadóirí, cibé acu Sean O’Casey, Tom Murphy nó Frank McGuinness, agus machnamh a dhéanamh air. Lena ndrámaí iontacha cuirtear ar bhealach ár dtuisceana muid i dtaca le stair na hÉireann agus an méid a d’fhéadfadh a bheith i ndán dúinn. Ina gcuid drámaí ardaítear ceisteanna práinneacha faoi scéal daingean ár náisiúin. I mbliain ina mbeifear ag tabhairt faoi inbhreathnú go náisiúnta, feidhmíonn na scéalta seo mar scáthán dár sochaí. Ag leanúint le traidisiún sin Amharclann na Mainistreach, tá bród orainn trí dhráma nua Éireannach le David Ireland, Sean P. Summers agus Philip McMahon agus Raymond Scannel a chur ar an stáitse den chéad uair riamh. Leis na guthanna úra gríosaitheacha Éireannacha seo, déanfar machnamh ar oidhreacht Éirí Amach 1916.”
Chuir an Tánaiste, Joan Burton, lena chuid cainte: “Bainfidh an bhliain 2016 le gach duine ar an oileán seo agus lenár gcairde agus ár ngaolta thar lear - beag beann ar dhearcthaí polaitiúla. Nuair a seoladh Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain i mí an Mhárta rinneadh an pointe sin go soiléir - ní mór go mbeidh 1916 agus an bhliain chomórtha céad bliain a bheidh ann an bhliain seo chugainn uileghabhálach agus go léireofar gach scéal agus insint ar an oileán seo. Mar shaoránaigh tá sé de chomaoin orainn, sa Phoblacht ina bhfuil muid sa lá atá inniu ann, díospóireacht pholaitiúil, plé agus anailís a cheadú ar gach snáithe a chuir le Stát an lae inniu a chruthú. Tá sé d’aidhm ag Amharclann na Mainistreach an sprioc seo a bhaint amach trí chlár fairsing ina léireofar gach gné de shaol na hÉireann ar an ardán agus lena bhféachfar le hiniúchadh a dhéanamh ar na scéalta agus insintí éagsúla trí mheán na drámaíochta.”
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D.: “Bunaíodh Amharclann na Mainistreach 12 bhliain roimh an Éirí Amach, agus bhí áit lárnach aici san athbheochan litríochta a chuaigh i bhfeidhm ar phríomhphearsana imeachtaí 1916. Beidh ról ríthábhachtach ag ár nAmharclann Náisiúnta i gcomóradh céad bliain na bliana seo chugainn leis an gclár fairsing seo, ‘Waking the Nation’. Trí dhrámaí Éireannacha nua-scríofa agus cuid de na léiriúcháin is mó a raibh tóir orthu le céad bliain anuas a chur ar an ardán, tá Amharclann na Mainistreach ag cuidiú linn súil a chaitheamh ar ár stair chomhroinnte agus ár dtodhchaí a shamhlú. Beidh tús áite á tabhairt do na healaíona ar an bhliain seo chugainn, agus níl aon bhealach níos fearr ann chun cultúr na hÉireann a chur ar taispeáint sa bhaile agus thar lear ná trí Amharclann na Mainistreach.”
Chuir an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin T.D. lena cuid cainte: “Is mar gheall ar ár n-ealaíontóirí agus a gcumas atá clú idirnáisiúnta ar Éirinn. Ó bunaíodh Amharclann na Mainistreach, tá camchuairteanna ar siúl aici ar fud na cruinne, rud a chuireann leis an gcáil atá ar Éirinn as barrfeabhas chruthaiteachta. Tá lúcháir orm ach go háirithe go mbeidh an oiread sin daoine ar fud an domhain in ann Amharclann na Mainistreach a fheiceáil ar camchuairt, idir drámaí nua agus léiriúcháin nua de shaothair chlasaiceacha na hAmharclainne, agus ar an mbealach sin beidh siad ag glacadh páirte sa chomhrá atá spreagtha le hÉire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain.”
Tá sonraí uile shéasúr Amharclann na Mainistreach dar teideal Waking the Nation atá mar chuid d’Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain le fáil ag www.abbeytheatre.ie.
Is a bhuíochas do mhaoiniú leanúnach na Comhairle Ealaíon atá Waking the Nation á chur le chéile. Tá Cultúr Éireann ag tacú le camhchuairt idirnáisiúnta The Plough and the Stars agus Cyprus Avenue, mar chuid de Chlár Comórtha Céad Bliain 2016. Tá Amharclann na Mainistreach buíoch freisin as deontas speisialta ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Is ionann Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, atá faoi Stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., agus clár gníomhaíochta bliana d'fhonn imeachtaí Éirí Amach 1916 a chomóradh, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus súil chun tosaigh a chaitheamh ar thodhchaí na hÉireann. www.Ireland.ie
CRÍOCH