Leithdháiltí Airgeadais
Leithdháileadh Airgeadais
Tá oll-leithdháileadh vótailte de tuairim is €315 milliún ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do 2016, a chuimsíonn €236.4 milliún i gcaiteachas reatha agus €79 milliún i gcaiteachas caipitil.
Anuas air sin, tugadh níos mó ná €6 mhilliún de chaiteachas caipitil a leithdháileadh ar dtús in 2015 ar aghaidh go 2016, rud a fhágann an cistiú vótáilte foriomlán atá ar fáil ag an Roinn sa bhliain 2016 ag beagnach €322 milliún.
Caitear €60 milliún den €315 milliún leithdháilte in 2016 ar an gComhairle Ealaíon, beagnach €23 mhilliún ar Uiscebhealaí Éireann, níos mó ná €14 mhilliún ar Bhord Scannán na hÉireann agus níos mó ná €13 mhilliún ar an bhForas Teanga. Is ionann deontais don Ard-Mhúsaem, don Ghailearaí Náisiúnta agus don Leabharlann Náisiúnta agus beagnach €27 milliún san iomlán. Is ionann cistiú do na seacht bhforas sin agus 44% de leithdháileadh na Roinne.
Caitear €49 milliún ar thionscnamh comórtha náisiúnta atá uileghabhálach agus fairsing, mar aitheantas buan ar Éirí Amach 1916.
Caitear €35.8 milliún, nó 11% de leithdháileadh 2016 na Roinne, ar thuarastail agus speansais riaracháin eile sa Roinn.
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais trí chliceáil ar na naisc ar chlé.
