07/04/16
Cuntais, Airgeadas, Meastóireacht agus Teicneolaíocht Faisnéise (TF)
Cuntais, Airgeadas, Meastóireacht agus TF - Feidhmeanna agus Seirbhísí
- Bainistiú acmhainní airgeadais na Roinne
- Bainistiú ar chórais airgeadais na Roinne agus an caidreamh le soláthraithe seirbhíse comhroinnte seachtracha.
- Meastacháin Bhliantúla do Vóta na Roinne agus monatóireacht ar chaiteachas na Roinne.
- Cuntais Leithghabhála bhliantúla a ullmhú agus caidreamh leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina leith siúd.
- Treoir a eisiúint maidir le soláthar agus tuairisc na Roinne faoi Chiorclán 40/02 a ullmhú.
- Bainistiú ar Athbhreithnithe um Luach ar Airgead agus Measúnuithe Dírithe ar Pholasaí.
- Comhordú ar phróiseas na Roinne um Dhearbhú Cáilíochta i gcomhréir le riachtanais an Chóid Caiteachais Phoiblí.
- Bainistiú agus cothabháil ar infreastruchtúr, córais agus seirbhísí TF na Roinne, lena n-áirítear cúrsaí a bhaineann le láithreacht gréasáin na Roinne agus tacaíocht forbartha i dtaca le suíomhanna gréasáin eile de chuid na Roinne.
- Forbairt agus cur i bhfeidhm socruithe rialachais do seirbhísí comhroinnte TF de réir mar is gá.
Cuntais, Airgeadas, Meastóireacht agus TF - Rochtain ar ár Seirbhísí
Is féidir sonraí teagmhála don Aonad um Chuntais, Airgeadas, Meastóireacht agus TF a fháil ag http://www.ahg.gov.ie/about/contact/
Cuntais, Airgeadas, Meastóireacht agus TF - Aicmí na dTaifead atá á gCoimeád
- Meastacháin Bhliantúla agus Cuntais Leithghabhála.
- Ceadanna na Roinne Airgeadais.
- Comhfhreagras leis an Roinn Airgeadais i dtaca le caiteachas agus cúrsaí airgeadais eile.
- Tuairiscí um Luach ar Airgead, tuairiscí dhearbhú cáilíochta ar tograí deontais chaipitil srl.
- Foirmeacha Iniúchta Próisis, sonraí faoi chonarthaí seachtracha os cionn €25,000, taifid chomhairleoireachta, tuairiscí um Chiorclán 40/02 srl.
- Faisnéis faoi chórais TF agus cuntais úsáideoirí.
- Sonraí faoi líonraí TF agus toipeolaíocht agus cumraíocht líonraí TF.
- Taifid um chumraíocht shuíomhanna gréasáin.
- Taifid airgeadais agus riaracháin i dtaca leis an Aonad TF.
- Taifid a bhaineann le soláthar TF.
- Taifid a bhaineann le hidirghníomhaíochtaí maidir le ceadanna agus údaruithe TF.
- Cáipéisíocht i dtaca le polasaí agus pleanáil gnó TF.