Oifig Thionscadal 2016 agus Cuimhneacháin
Oifig Thionscadal 2016 agus Cuimhneacháin – Feidhmeanna agus Seirbhísí
- Ceannaireacht agus comhordú ar phleanáil na n-ócáidí cuimhneacháin a bhaineann leis na comórtha suntasacha céad bliain a tharlaíonn idir 2012 agus 2022.
- Tacú agus cuidiú leis an gCoiste Saineolaithe Comhairleach ar Chuimhneacháin, Grúpa Oibre Uile-Pháirtí an Oireachtais do Chuimhneacháin agus an Fochoiste Comh-Aireachta ar Chuimhneacháin 1916.
- Ócáidí cuimhneacháin a eagrú a bhaineann le comórtha ábhartha eile in earnáil an chultúir.
- Clár Céad Bliain Éire 1916 a fhorbairt, a chomhordú agus a sheachadadh – clár chun cuimhneachán cuí a dhéanamh orthu siúd a throid nó a bhásaigh le linn Éirí Amach 1916; athmhachnamh a dhéanamh ar oidhreacht na tréimhse sin; agus féachaint ar aghaidh trí rannpháirtíocht éifeachtach le speictream leathan de leasa lena n-áirítear:
- Ranna Rialtais,
- grúpaí atá mar ionadaithe ar ghaolta na ndaoine sin a ghlac páirt in Éirí Amach 1916 agus iad siúd nach bhfuil in aon ghrúpa foirmiúil ar mhaith leo cur leis an bplé,
- na Forais Chultúir Náisiúnta, an Chomhairle Ealaíon, Cultúr Éireann agus an Chomhairle Oidhreachta, Gréasán na nÚdarás Áitiúil, agus comhpháirtithe éagsúla eile.
- maoirseacht ar chlár Caipitil 2016 a áiríonn naoi dtogra caipitil.
- Tá an tAonad Cuimhneachán i bhfeighil ar ócáidí cuimhneacháin a eagrú a bhaineann le comórtha ábhartha eile in earnáil an chultúir.
- Déanann na hoifigí maoirseacht ar thacaíocht airgeadais do thograí cuimhneacháin
- Tá an tAonad Cuimhneachán i gceannas ar roinnt comórtha oifigiúla stáit a ullmhú a bhaineann leis na comórtha céad bliain a tharlaíonn idir 2012 agus Tá an tAonad Cuimhneachán i dteagmháil freisin le páirtithe leasmhara agus forais Rialtais chun cuidiú, mar is cuí, le hócáidí cuimhneacháin neamhoifigiúla, ócáidí céad bliana ach go háirithe.
Oifig Thionscadal 2016 agus Cuimhneacháin - Rochtain ar ár Seirbhísí
- Féadfaidh baill an phobail dul i dteagmháil le hOifig Thionscadal 2016 trí ireland.ie nó 01 6449788. Tá an Oifig i bhfeighil eagrú Chlár Searmanach an Stáit a bhaineann le Cuimhneacháin Céad Bliain 1916 chomh maith le clár níos leithne d’ócáidí a sheachadadh i rith na bliana.
Oifig Thionscadal 2016 agus Cuimhneacháin - Aicmí na dTaifead atá á gCoimeád
- Taifid a bhaineann le riar Oifig Thionscadal 2016 agus an Aonaid Cuimhneachán;
- Taifid a bhaineann le cúrsaí polasaí sa réimse seo (lena n-áirítear reachtaíocht chuí); agus
- Taifid a bhaineann le cúrsaí oibríochta, lena n-áirítear:
Comhaid a bhaineann le hócáidí cuimhneacháin atá thart agus atá beartaithe;
Comhaid a bhaineann le Sainghrúpa Comhairleach na Staraithe
Ábhar faisnéise;
Comhfhreagras;
Comhaid a bhaineann leis an nGrúpa Uile-Pháirtí do Chuimhneacháin agus an Fochoiste Comh-Aireachta ar Chuimhneacháin 1916;
- Faisnéise phearsanta, lena n-áirítear sonraí pearsanta faoi:
Aíonna ar tugadh cuireadh chuig na hócáidí cuimhneacháin dóibh
Soláthraithe earraí nó seirbhísí;
Daoine aonair a chuireann comhfhreagras chuig Oifig Thionscadal 2016 agus an tAonad Cuimhneachán
- Grúpaí Leasa a chuireann isteach tograí d’ócáidí cuimhneacháin.
Oifig Thionscadal 2016 agus Cuimhneacháin - Scéimeanna Deontais nó Maoinithe
Maoiniú d’Údaráis Áitiúla do Thionscnaimh Phobail um Chuimhneachán
Cuspóir na scéime;
Maoiniú a thabhairt d’Údaráis Áitiúla, i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil agus Údaráis Áitiúil agus IPB le scaipeadh ar thionscnaimh phobail. Tá an maoiniú seo á sholáthar chun tacú le rannpháirtíocht agus éascú laistigh de phobail áitiúla d’fhonn feasacht a chothú maidir leis an tionscnamh Éire 2016 agus comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916; agus
Tacóidh an maoiniú freisin le gach údarás áitiúil chun plean a sheachadadh do chlár oiriúnach d’ócáidí agus tionscnaimh le bheith ann ag leibhéal an chontae i gcomhréir leis na pleananna náisiúnta do Éire 2016.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?;
Is féidir le heagraíochtaí, grúpaí pobail agus daoine aonair iarratas a dhéanamh trína n-údarás áitiúil.
Conas iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin scéim;
Tá an scéimh mhór seo á riar ag gach údarás áitiúil; cuirtear sonraí faoin bpróiseas iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin gach údaráis nó tá siad ar fáil ón gcomhordaitheoir speisialta.
Critéir incháilitheachta;
Is faoi na húdaráis áitiúla atá sé an maoiniú a leithdháileadh agus cinntí a dhéanamh maidir leis na tionscnaimh uile atá á mbreithniú le háireamh ina bpleananna. Iarradh ar na húdaráis áitiúla na critéir roghnúcháin seo thíos a chur san áireamh nuair a bheadh measúnú á dhéanamh ar iarratais a cuireadh isteach agus nuair a bheadh cinntí á ndéanamh maidir leis na tionscnaimh uile a bheadh á mbreithniú. Moladh freisin go ndéanfadh an coiste stiúrtha na tograí uile a fuair na húdaráis áitiúla a mheas in am trátha sa chaoi is go bhféadfaí pleanáil a chur ar bun.
Na Critéir Roghnúcháin a Moladh:
- A mhéid atá an togra ag teacht le téamaí 'Éire 2016': Cuimhneamh, Réiteach, Samhlú, Cur i láthair agus Ceiliúradh.
- A mhéid a mheallann tograí an rannpháirtíocht is mó ó thaobh an phobail agus ó thaobh na saoránach de i dtaca le príomhthéamaí 'Éire 2016'.
- A mhéid atá an togra atá molta nasctha le heachtraí Éirí Amach na Cásca agus na daoine a throid nó a bhásaigh ag an am sin;
- A mhéid atá an togra atá molta uathúil, nuálaíoch, cruthaitheach, suimiúil agus ábalta tionchar a bheith aige;
- Scóip fhéideartha an togra laistigh le limistéar an údaráis áitiúil agus an spriocphobal a bhfuiltear ag súil leis;
- An costas chun an togra atá molta a chur i gcrích;
- Aon tacaí agus maoiniú breise a d’fhéadfadh a bheith de dhíth agus atá deimhnithe ag páirtithe leasmhara ábhartha; agus
- An fhéidearthacht go gcuirfear an togra i gcrích laistigh den fhráma ama atá leithdháilte.
Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach: