Eolaíocht agus Bithéagsúlacht
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra – Eolaíocht agus Bithéagsúlacht – Feidhmeanna agus Seirbhísí
- Comhairle ardchaighdeáin eolaíochta agus polasaí a sholáthar chun bonn a chur le polasaí náisiúnta um chaomhnú an dúlra agus cur i bhfeidhm na ndualgas náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta ina leith seo.
- Ionchur eolaíochta a sholáthar do chur i bhfeidhm na dTreoracha AE, lena n-áirítear na Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga agus, mar is cuí, an Creat Straitéise Mara agus na Creat-treoracha Uisce.
- Bonn eolaíochta a chur le hainmnithe chaomhnú an dúlra atá de dhíth faoin dlí AE agus a chinntiú go gcuirtear na cuspóirí caomhantais náisiúnta agus speisialta don suíomh ar bun do shuíomhanna Natura 2000.
- Obair le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais eile i dtaca le hábhar agus seachadadh na gclár oibríochta ilbhliantúla a bhaineann le bithéagsúlacht, lena n-áirítear EMFF agus CAP.
- Monatóireacht eolaíochta a dhéanamh agus tuairisciú mar is gá faoi reachtaíocht AE.
- Bainistiú ar Scéim Plean Feirme na Roinn Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta
- Na hionchuir eolaíochta a sholáthar atá riachtanach chun réiteach a fháil i dtaca le breitheanna neamhfhabhracha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nó cúrsaí comhlíonta eile de réir mar a bhaineann.
- Ionchuir a bhainistiú agus a sholáthar do thograí comh-mhaoinithe AE agus idirnáisiúnta, amhail tograí LIFE.
- Cuidiú le cur i bhfeidhm an Phlean Bithéagsúlachta Náisiúnta agus an Straitéis Tailte Móna Náisiúnta thar na hearnálacha uile i gcomhréir le gníomhartha tosaíochta comhaontaithe.
- Ionchuir a bhainistiú agus a sholáthar do Choinbhinsiúin agus Comhaontuithe Idirnáisiúnta lena n-áirítear an Coinbhinsiún ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch, CITES, Ramsar.
- Córais faisnéise geografaí, córais bhainistíochta sonraí agus córais faisnéise eile a sholáthar.
- An córas ceadúnaithe do zúnna a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir AE 1999/22/EC
- An córas ceadúnaithe a oibriú a bhaineann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Trádáil i Speicis i mBaol (CITES)
- Polasaí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i dtaca le Rialacháin AE lena n-áirítear rialacháin maidir le Speicis Choimhthíocha Ionracha agus Rochtain agus Comhroinnt Tairbhí
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra – Eolaíocht agus Bithéagsúlacht – Rochtain ar ár Seirbhísí
- Déantar cuid mhór den obair ar mhonatóireacht agus tuairisciú eolaíochta a sheachfhoinsiú agus foilsítear cuirí chun tairisceana ar etenders.ie agus/nó in iris oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mar is cuí.
- Foilsítear torthaí ar mhonatóireacht agus tuairisciú eolaíochta go rialta ar shuíomh gréasáin de chuid na Roinne; ina theannta sin is gnách taifid ar speicis a sheoladh chuig an Ionad Sonraí Bithéagsúlacht Náisiúnta agus tá siad ar fáil ansin.
- Is féidir iarratais bhreise ar shonraí nach bhfuil foilsithe go fóill a dhéanamh tríd an Fhoirm Iarratais ar Shonraí ar shuíomh gréasáin SPNF
- Cuireann an t-aonad eolas ginearálta ar fáil i dtaca le cúrsaí bithéagsúlachta trí fhreagairt d’fhiosruithe ón bpobal agus bileoga agus póstaeir eolais a sholáthar. Ina theannta sin, déanann sé bainistiú agus nuashonrú ar an Suíomh Gréasáin um Aird ar an Dúlra, noticenature.ie, atá ina shuíomh gréasáin dírithe ar fheasacht a mhéadú i dtaobh na bithéagsúlachta i measc an phobail i gcoitinne.
- Tá faisnéis agus sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ionaid Sonraí Bithéagsúlacht Náisiúnta http://www.biodiversityireland.ie/
- Tá sonraí agus tuarascálacha ag eascairt as monatóireacht agus taighde eolaíochta ar fáil ar http://www.npws.ie/publications
- Is féidir iarratais ar shonraí nach bhfuil foilsithe go fóill a dhéanamh tríd an Fhoirm Iarratais ar Shonraí ar shuíomh gréasáin SPNF http://www.npws.ie/maps-and-data/request-data
Is féidir sonraí teagmhála iomlána don aonad a fháil ar http://www.ahg.gov.ie/about/contact/ agus www.npws.ie.
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra – Eolaíocht agus Bithéagsúlacht – Aicmí na dTaifead atá á gCoimeád
- Taifid a bhaineann le cúrsaí polasaí, reachtaíochta, airgeadais agus riaracháin i dtaca le feidhmeanna an aonaid.
- Taifid a bhaineann le polasaí bithéagsúlachta idirnáisiúnta agus Eorpach, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le cruinnithe AE agus idirnáisiúnta, coinbhinsiúin agus comhaontuithe idirnáisiúnta, eagraíochtaí AE agus idirnáisiúnta, straitéisí bithéagsúlachta AE agus idirnáisiúnta.
- Torthaí ar mhonatóireacht agus tuairisciú eolaíochta
- Taifid a bhaineann le Scéim Plean Feirme
- Taifid a bhaineann le polasaí náisiúnta, lena n-áirítear iad siúd i dtaca le forbairt agus cur i bhfeidhm na Straitéise Bithéagsúlacht Náisiúnta, an Fóram Bithéagsúlachta, grúpaí stiúrtha idir-ranna agus tionscnaimh feasachta poiblí.
- Taifid a bhaineann leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil i Speicis i mBaol (CITES) lena n-áirítear deimhnithe/ceadúnais a eisíodh, cruinnithe agus comhfhreagras ginearálta
- Taifid a bhaineann le próisis ceadúnaithe do zúnna
- Taifid ina bhfuil faisnéis phearsanta i dtaca le hIarratais ar Dheontais Chiste Comhshaoil.
- Taifid a bhaineann le hiarratais ar mhaoiniú AE LIFE
- Taifid a bhaineann le próisis tairiseana/conartha d’obair taighde/ceadúnaithe a bhaineann le feidhmeanna an Aonaid
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra – Eolaíocht agus Bithéagsúlacht – Scéimeanna Deontais nó Maoinithe
Scéim Plean Feirme
Sa chás go mbíonn bainistiú ar leith de dhíth ar fheirmeacha i suíomhanna Natura, agus nach féidir le bearta GLAS/RDP nó coinníollacha maoinithe na riachtanais a shásamh, is féidir conarthaí le feirmeoirí a chur ar bun
- sa chás go mbíonn caillteanais atá intomhaiste go díreach ann ag eascairt as comhlíonadh le bearta a éilíonn an Roinn seo agus a chuireann teorainn le táirgiúlacht talmhaíochta na talún atá ann faoi láthair (m.sh. speicis thábhachtacha amhail géanna agus ealaí a fhulaingt),
- sa chás go mbíonn bearta onnghníomhacha ar leith um chaomhnú/pórú de dhíth ar an Roinn agus á mbainistiú nó á maoirsiú ag an Roinn d’fhonn speiceas nó gnáthóg thábhachtach a chosaint/athchóiriú. B’fhéidir go n-áireodh sé seo bainistiú gníomhach ar ghnáthóg, scéimeanna athbhunaithe, bearta tástála agus cuir chuige a d’fhéadfaí a úsáid ina dhiaidh sin in GLAS, srl.
Is féidir le feirmeoirí iarratas a dhéanamh ag baint úsáide as an bhfoirm ag http://www.npws.ie/farmers-and-landowners/schemes/npws-farm-plan-scheme
Tá an Scéim Plean Feirme faoi réir ag dian-teorainneacha buiséid agus déantar iarrthóirí nua a mheas bunaithe ar ábharthacht, luach ar airgead agus infhaighteacht chistí.
Deontais a Thairgtear ón gCiste Comhshaoil d’Fheasacht Bithéagsúlachta
Cuirtear maoiniú deontais ar fáil do thograí a fhéachann le feasacht ar an mbithéagsúlacht a chur chun cinn agus a mhéadú. Tá eagraíochtaí poiblí, eagraíochtaí neamhrialtais, eagraíochtaí catharnachta uile agus an pobal i gcoitinne, lena n-áirítear scoileanna agus pobail áitiúla, incháilithe ar iarratais a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá an scéim faoi réir ag maoiniú a bheith ar fáil agus cuirtear iarratais isteach as Fhoirm Iarratais ar Dheontas a eisíonn an tAonad Polasaí Bithéagsúlachta.
D’fhéadfadh tograí incháilithe ar mhaoiniú tograí de na cineálacha seo a leanas a áireamh:
- Feabhas a chur ar fheasacht phoiblí maidir leis an tábhacht atá le caomhnú na bithéagsúlachta agus maidir leis na bagairtí atá ann don bhithéagsúlacht;
- Tábhacht chúrsaí bithéagsúlachta a chur in iúl;
- Réitigh nuálaíocha a chur chun cinn chun bagairtí ar an mbithéagsúlacht a laghdú
- Méadaigh feasacht ar éachtaí a rinneadh cheana chun an bhithéagsúlacht a shábháil
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra – Eolaíocht agus Bithéagsúlacht – Mórmholtaí Beartais agus Comhairliúcháin Phoiblí
Foilsíodh Dréacht-Chaighdeáin Éireannacha i dtaca le Cleachtas Nua-Aimseartha i Zúnna an 24 Márta 2016 do chúiseanna comhairliúcháin phoiblí. Tá an tréimhse comhairliúcháin le críochnú an 22 Aibreán 2016. Tá sonraí ar fáil ar www.npws.ie