Straitéis agus Oibríochtaí Réigiúnacha
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra – Straitéis agus Oibríochtaí Réigiúnacha – Feidhmeanna agus Seirbhísí
- Cothú a thabhairt do sholáthar éifeachtach, éifeachtúlach agus cuntasach de sheirbhísí ar an talamh ag bainistíocht réigiúnach.
- Bainistiú agus forbairt ar na 6 Pháirc Náisiúnta agus 78 Tearmann Dúlra de chuid an Stáit do chúiseanna caomhnaithe chuig na caighdeáin idirnáisiúnta is airde agus dá n-úsáid inbhuanaithe áineasa agus turasóireachta.
- Réimeas forfheidhmithe éifeachtach móna a sholáthar.
- Rochtain agus tairbhe an phobail sna páirceanna náisiúnta agus tearmainn dúlra; breithniú straitéiseach/bainistiú ar oibríochtaí réigiúnacha.
- Bainistiú ar leithdháiltí SPNF.
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra – Straitéis agus Oibríochtaí Réigiúnacha – Rochtain ar ár Seirbhísí
Déantar na seirbhísí uile a chuirtear ar fáil don phobal a sholáthar trí struchtúir bainistíochta réigiúnacha áitiúla.
Is féidir sonraí teagmhála don aonad agus do na Páirceanna Náisiúnta a fháil ag http://www.ahg.gov.ie/about/contact/ agus www.npws.ie.
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra – Straitéis agus Oibríochtaí Réigiúnacha – Aicmí na dTaifead atá á gCoimeád
Taifid a bhaineann le riarachán ar fheidhmeanna an aonaid, lena n-áirítear:
- Taifid a bhaineann le hoibríochtaí na bpáirceanna agus na dtearmann ó lá go lá;
- Bainistiú airgeadais;
- Comhaid togra aonair faoi na cláir chaipitil;
- Cúrsaí bainistíochta;
- Ceannach trealaimh
- Feithiclí/Cártaí Breosla/Trealamh Cosanta Pearsanta
- Cúrsaí Bainistíochta/Eagraíochta Réigiúnacha
- Sláinte & Sábháilteacht
- Cúrsaí Dlí
- Timpistí
- Eagraíochtaí ábhartha sa bhfuil SPNF ina ball
- Tograí SPNF agus táillí ballraíochta/cleamhnachta