07/04/16
Preasoifig
Preasoifig – Feidhmeanna agus Seirbhísí
- Freagracht as bainistiú ar chúrsaí cumarsáide na Roinne, lena n-áirítear fiosruithe meáin maidir leis an Aire, Aire (Airí) Stáit nó an Roinn ó na meáin, chomh maith le baill den phobal, agus modhanna éifeachtacha a fhorbairt chun eolas a scaipeadh trí mheáin thraidisiúnta agus nua-aimseartha
- Caidreamh leis na hAirí, agus lena gcomhairleoirí; le comhghleacaithe ar fud na Roinne; gníomhaireachtaí faoi scáth na Roinne; Seirbhísí Eolais an Rialtais agus Ranna Rialtais eile, i dtaca le cúrsaí meán agus cumarsáide
- Cuidiú le hoifigigh roimh dhualgais meán
- Preasócáidí a eagrú chun an preas agus an pobal a chur ar an eolas faoi chúrsaí roinne.
- Socruithe riachtanacha a dhéanamh i gcomhar le hoifigí príobháideacha na nAirí d’ócáidí poiblí a bhfuil an tAire nó an tAire Stáit ag labhairt acu, lena n-áirítear nótaí faisnéise, óráidí agus preasráitis a dhréachtadh agus a chur in eagar don Aire (do na hAirí)
- Rialú eagarthóireachta ar shuíomh gréasáin na Roinne.
- Monatóireacht ar thuairiscí meán agus aiseolas don Roinn
Preasoifig – Rochtain ar ár Seirbhísí
- Freagraíonn an oifig d’fhiosruithe ginearálta ón bpobal i dtaca le seirbhísí a chuireann an Roinn ar fáil agus, má iarrtar, eisíonn sí cóipeanna d’fhoilseacháin na Roinne.
- Is féidir sonraí teagmhála don Phreasoifig a fháil ag http://www.ahg.gov.ie/about/contact/
Preasoifig – Aicmí na dTaifead atá á gCoimeád
- Taifid a bhaineann le preasráitis, óráidí, ábhar faisnéise, gearrthóga nuachtáin agus comhfhreagras ginearálta.
- Taifid a bhaineann le riarachán na Preasoifige.