28/08/15

Oifigigh Phoiblí Ainmnithe

Déantar foráil san Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2015 go ndéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Clár ar líne de ghníomhaíocht bhrústocaireachta a bhunú agus a chothabháil.  www.lobbying.ie.

Is é is cuspóir leis an gClár eolas a chur ar fáil don phobal faoi aitheantas na ndaoine sin a bhíonn ag déanamh cumarsáide le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le polasaí áirithe, cúrsaí reachtaíochta nó cinntí ionchasacha.  Ní mór do bhrústocairí tuairisc a thabhairt faoina dteagmháil leis na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe.

Éilítear le hAlt 6(4) den Acht go bhfoilseoidh gach comhlacht poiblí liosta d'oifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta sin.  Tá dhá sprioc leis an liosta sin:

  1. Ligean don phobal na hoifigigh phoiblí ainmnithe a aithint; agus
  2. Mar acmhainn do bhrústocairí atá ag clárú tuairisc ar an gClár agus ar gá dóibh teacht ar shonraí oifigeach poiblí ainmnithe.

Is iad seo a leanas Oifigigh Phoiblí Ainmnithe na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoin reachtaíocht seo:

Na hAirí

Heather Humphreys T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta  Heather.Humphreys@ahrrga.gov.ie

Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin airestait@ahrrga.gov.ie

Comhairleoirí Speisialta

Pauric McPhillips, Comhairleoir Speisialta don Aire Humphreys Pauric.McPhillips@ahrrga.gov.ie

Lucy Moylan, Comhairleoir Speisialta don Aire Humphreys Lucy.Moylan@ahrrga.gov.ie

Bord Bainistíochta

Katherine Licken, Ard-Rúnaí katherine.licken@ahrrga.gov.ie

Feargal Ó Coigligh, Rúnaí Cúnta le freagracht as Ealaíona, Cultúr, Scannánaíocht & Ceol. Feargal.Ocoigligh@ahrrga.gov.ie

Niall Ó Donnchú, Rúnaí Cúnta le freagracht as an Oidhreacht Thógtha agus Nádúrtha. Niall.Odonnchú@ahrrga.gov.ie

Conor Falvey, Rúnaí Cúnta le freagracht as Gnóthaí Corporáideacha.  Conor.Falvey@ahrrga.gov.ie 

Twitter

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service