01/06/16

Ainmniúchán nua do bhord Údarás na Gaeltachta

D'fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D. inniu go bhfuil ainmní Chomhairle Contae Chorcaí, Gobnait Ní Mhuineacháin, ceaptha ar bhord Údarás na Gaeltachta don tréimhse 31 Bealtaine 2016 go dtí 9 Feabhra 2017.

 

Dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air an ceapachán a fhógairt agus go raibh sé cinnte go rachadh an comhalta Ní Mhuineacháin i mbun a cuid oibre le fuinneamh agus le dúthracht. 

 

“Níl amhras ar bith orm ach go rachaidh an cumas, an taithí agus an réimse leathan scileanna a léiríonn an comhalta go mór chun sochar d’Údarás na Gaeltachta agus do phobal na Gaeltachta sa tréimhse amach romhainn,” a dúirt sé.    

 

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service