Conradh do Sheirbhís Aeir chuig Oileáin Árann
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu (25 Meán Fómhair 2015) go bhfuil deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana maidir le conradh a aontú do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann. Cuirfear Coimisiún na hEorpa ar an eolas faoin gcinneadh seo a luaithe is féidir agus rachfar i mbun próiseas tairisceana úr don seirbhís aeir. Dúirt an tAire Stáit go rachaidh an Roinn i mbun comhráití le sealbhóir an chonradh reatha d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le seirbhís eatramhach le deis a thabhairt próiseas tairisceana úr a chur i gcríoch chomh maith le cinntiú go mbeadh seirbhís leanúnach ann.
Críoch