An tionscnamh 'Bratacha do na Scoileanna' á sheoladh ag an Taoiseach mar chuid d'Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain
Tá an Taoiseach, Enda Kenny TD, ag teacht le chéile inniu (Dé Luain) leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, agus an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O'Sullivan TD, leis an tionscnamh 'Bratacha do na Scoileanna' a sheoladh. Mar chuid d 'Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, bronnfaidh Óglaigh na hÉireann an Bhratach Náisiúnta agus cóip den Fhorógra ar gach bunscoil sa tír.
Beidh an chéad shearmanas ar siúl inniu i Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Na Ráithíní, Corr na nAbhall, Oileán Éadaí, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Is é seo an chéad cheann de shraith searmanas a bheidh ar siúl in níos mó ná 3,300 scoil náisiúnta ar fud na tíre, lena n-áirítear scoileanna speisialta, agus is páirt mhór de chlár an Stáit é chun céad bliain ó Éirí Amach 1916 a chomóradh.
Agus é ag labhairt ag ócáid an lae inniu, dúirt An Taoiseach, Enda Kenny TD: " Táimid anseo inniu le haghaidh ócáid an-speisialta. Táimid ann don chéad ócáid as níos mó ná trí mhíle den sórt seo, lena dtosóidh Óglaigh na hÉireann ag bronnadh Bratach na hÉireann agus Forógra 1916 ar gach bunscoil agus scoil speisialta sa tír. Agus muid anseo inniu, táimid ag cuimhneamh ar íobairt mhór na ndaoine úd a throid in 1916 agus ina dhiaidh sin, sa dóigh is go bhféadfadh muintir na hÉireann an bhratach seo a chur ar foluain agus go gcuirfí an náisiún seo san áireamh le náisiúin shaora an domhain.”
Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, an méid seo a leanas: "Is bealach den scoth é an tionscnamh seo chun tabhairt ar dhaoine óga páirt a ghlacadh i gcomóradh 1916. Tríd an mbratach náisiúnta a bhronnadh ar gach bunscoil sa tír, gheobhaidh páistí tuiscint níos fearr ar obair na nÓglach agus ar thábhacht ár mBratach Náisiúnta, a sheasann don mhian go mbeadh síocháin idir na traidisiúin éagsúla ar an oileán seo. Tá súil agam go mbeidh cuimhne dhearfach go deo ag ár leanaí scoile ar an gcomóradh seo mar gheall ar na mílte searmanas a bheidh ar siúl ar fud na tíre sna míonna amach romhainn.”
Ghabh an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan TD, buíochas le múinteoirí agus mic léinn bunscoile agus iar-bhunscoile as páirt a ghlacadh ann: "Is clár spreagúil nuálach é clár gníomhaíochta na bliana seo chugainn chun aghaidh a thabhairt ar ócáidí agus téamaí 1916. Go dtí seo tá freagairt an-dearfach faighte againn agus táimid ag iarraidh ar na scoileanna uile páirt a ghlacadh ann - go hairithe in am do Lá an Fhorógra ar an 15 Márta an bhliain seo chugainn, nuair a iarrfaidh muid ar gach scoil agus institiúid ardoideachais agus breisoideachais a ndoirse a oscailt don phobal agus na tionscadail éagsúla a bheidh forbartha ag ár n-aos óg i ndáil le 1916 a chur ar taispeáint".
Ag searmanas an lae inniu, beidh an Bhratach á bronnadh ar Conor McDonagh (Naíonáin Bheaga) agus Kyla McDonagh (Rang a hAon) as Scoil Náisiúnta Chorr na nAbhall. Beidh daltaí agus foireann Scoil Náisiúnta Chorr na nAbhall i láthair ag an ócaid, chomh maith le pobal na scoile i gcoitinne. Táthar ag súil go mbeidh Bratach Náisiúnta faighte ag gach bunscoil roimh Lá an Fhorógra ar an 15 Márta 2016.
Críoch