Seirbhís Aeir Oileáin Árann
Mar thoradh ar phróiseas tairisceana a rinne an Oifig um Sholáthar Rialtais thar ceann na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, fógraíodh ar an 26 Lúnasa 2015 gurb é Executive Helicopters Ltd. an tairgeoir roghnaithe don chonradh seirbhíse aeir. Cuireadh in iúl freisin go raibh bronnadh an chonartha faoi réir chomhlíonadh tréimhse sosa deonaí de 14 lá agus nach gcuirfí conradh ar bith i gcrích go rachadh an tréimhse sosa in éag ar an 9 Meán Fómhair.
I gcomhréir le comhairle dlí a fuarthas, tá cinneadh déanta anois síneadh a chur leis an tréimhse sosa dheonach go dtí an 16 Samhain 2015 le súil is soiléiriú a fháil maidir le hAerfort na Gaillimhe a bheith ar fáil do thréimhse an chonartha 4 bliana ón 1 Deireadh Fómhair mar atá leagtha amach san Iarraidh ar Thairiscintí. Beidh an Roinn ag scríobh chuig úinéirí Aerfort na Gaillimhe ina leith sin.
Chun a chinntiú go leanfar le seirbhís aeir chuig/ó Oileáin Árann, beidh mo Roinn ag plé leis an soláthraí seirbhíse atá ann cheana féin (Galway Aviation Services Ltd ag trádáil mar Aer Arann) chun teacht ar chomhaontú ar théarmaí maidir le síneadh a chur leis an chonradh reatha ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 1 Feabhra 2016.
Beidh an tAire Stáit McHugh ag fanacht i dteagmháil le pobail na n-oileán chun a chinntiú go mbeidh líne shoiléir chumarsáide eatarthu de réir mar a bhogann an próiseas chun cinn.
Críoch