Síneadh Ar Chonradh Maidir Le Seirbhís Aeir D’Oileáin Árann
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne TD, inniu (27ú Meán Fómhair 2016) go bhfuil síneadh curtha leis an gconradh atá idir a Roinn agus GASL maidir le seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann. Bhí an conradh le críochnú ar 30 Meán Fómhair 2016 ach tá síneadh trí mhí curtha leis anois suas go dtí 31 Nollaig 2016. Tá próiseas tairisceana, atá faoi cheannas an Oifig um Sholáthar Rialtais, ar siúl faoi láthair d’fhonn conradh nua a mhairfidh ceithre bliana a aontú – conradh a thosóidh ar 1 Eanáir 2017.
Ag déanamh an fhógra maidir leis an síneadh, dúirt an tAire Stáit Kyne: “Tuigim an imní a bhí ar phobail Oileáin Árann le tamall maidir le stádas na seirbhíse aeir tar éis 30 Meán Fómhair. Creidim go bhfreagraíonn an fógra seo an imní sin agus go bhfuil spás anois chun an próiseas tairisceana atá ar siúl a thabhairt chuig conclúid sna seachtainí atá romhainn.”
CRÍOCH