Ní dhéanfar dearmad go deo ar mhórchumas Brian Friel - Ó Ríordáin
Chuir an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Aodhán Ó Ríordáin TD, a bhrón in iúl inniu ar bhás Brian Friel.
“Tá Éire i ndiaidh duine dá seoda is luachmhara a chailleadh inniu. Mar gheall ar bhás Brian Friel, tá scamall an bhróin ar fud an oileáin. Is méala mór a bhás dúinn go léir mar náisiún. Is tráth brónach é seo dá theaghlach agus dá chairde, a aireoidh uathu go mór é.
“Mar an gcéanna le cuid mhór daoine in Éirinn agus ar fud an domhain, is fada an lá mé ag baint sásaimh as saothar Friel. Bhí tionchar as cuimse ag a chuid léiriúcháin chlúiteacha ardmholta ar nós ‘Philadelphia Here I Come’, ‘Translations’ agus ‘Dancing at Lughnasa’ orm, mar a bhí ar go leor leor daoine eile.
“Tá a shothair fite fuaite inár saol féin. Bhí sé cosúil leis an drámadóir mór le rá sin, Anton Chekhov, ó thaobh chomh tógtha is a bhí sé leis an ‘teach mór’.
“Bhí an méid a rinne sé le gairid chun léargas nua a thabhairt ar shaothar Chekhov ceannródaíoch agus chuir sé go mór le heispéireas drámata lucht freastail na hÉireann a leathnú.
“Crothnófar go mór cuid scríbhneoireacht Brian Friel agus áilleacht a scéalaíochta, ach mairfidh siad mar fhianaise ar a chumas ar feadh na nglún.
“Ní bheidh a leithéid arís ann.”
Críoch