Is é Bruach Sheáin, Contae Aontroma an Baile is Feistiúla in Éirinn, 2016
Buaiteoirí Uile-oileáin na hÉireann á bhfógairt ag Searmanas Bronnta i Halla Riddel, Bóthar an tSrutháin Mhilis, Béal Feirste
Is é Bruach Sheain, Contae Aontroma buaiteoir iomlán chomórtas na mBailte is Feistiúla in Éirinn, 2016. Fógraíodh na torthaí inniu (an 21 Meitheamh 2016) ag searmanas bronnta i Halla Riddel, Béal Feirste.
Bhuaigh Bruach Sheáin an catagóir don Bhaile Beag is Feistiúla freisin. Bhuaigh Tír Dhá Ghlas, Contae Thiobraid Árann catagóir an tSráidbhaile is Feistiúla, bhuaigh Baile Ard Mhacha catagóir an Bhaile Mhóir is Feistiúla agus bhuaigh Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí an catagóir don Lárionad Mór Uirbeach is Feistiúla.
Thug Michael Ring, T.D., an tAire Stáit d’Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, ómós do Bhéal an Mhuirthead agus do na bailte eile ainmnithe do na gradaim. Rinne an tAire comhghairdeas leis na buaiteoirí agus ainmnithe go léir i gcomórtas na bliana seo, Tír Dhá Ghlas agus Baile an Chollaigh ach go háirithe. Dúirt sé; “Is éacht ann féin é ainmniúchán a fháil do na gradaim seo, agus is aitheantas é don iarracht mhór a dhéanann go leor leor pobail i gcomórtais SuperValu do na Bailte Slachtmhara agus na Bailte is Feistiúla. Tar éis 21 bliain, is aitheantas mór é an comórtas uile-oileáin seo ar an mbród atá ag daoine as a bpobail féin, ar an mbealach ina nglacann oibrithe deonacha áitiúla úinéireacht ar a dtimpeallacht agus conas a n-oibríonn siad leis an timpeallacht sin a fheabhsú, don am i láthair agus don todhchaí araon. Maith sibh, tá bhur pobail níos fearr as mar gheall ar bhur n-iarrachtaí agus bhur n-obair chruaidh, agus tá mé cinnte go bhfuil lúcháir agus bród oraibh as bheith anseo inniu.”
Bhí an méid seo le rá ag Doreen Muskett, MBE, Uachtarán Chomhairle Áiseanna Thuaisceart Éireann, an foras a d’eagraigh na gradaim: “Tá an comórtas ceaptha le haitheantas a thabhairt dóibh siúd a bhfuil bród acu as a bpobail, na daoine sin a oibríonn go dian le háit dheas a dhéanamh dá dtimpeallacht le bheith ag obair, ag maireachtáil agus ag súgradh ann. Comhghairdeas ó chroí leo siúd go léir a fuair duais i mbliana. Bhí tasc an-deacair ag painéal na moltóirí uaisle ó thaobh na hiontrálaithe a chur i gcomparáid lena chéile agus na buaiteoirí a roghnú, rud a léiríonn a áille is atá na bailte agus na sráidbhailte atá againn anseo. Tá lúcháir orm gur aithníodh Bruach Sheáin agus Ard Mhacha mar dhá cheann de na háiteanna is deise in Éirinn”.
Críoch
Nótaí do na hEagarthóirí
Bhunaigh an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus Comhairle Áiseanna Thuaisceart Éireann comórtas na mBailte is Feistiúla in Éirinn sa bhliain 1995 chun aird an phobail ar chomórtas na mBailte Slachtmhara agus comórtais “Best Kept” Thuaisceart Éireann a mhéadú, ar an mbealach sin ag feabhsú caighdeán na mbailte agus na sráidbhailte ar fud oileán na hÉireann. Rinneadh gach iontrálaí a mharcáil ar chritéir dhiana moltóireachta, lena n-áirítear glaineacht, dealramh na bhfoirgneamh, cur i láthair na mbóithre agus áiseanna poiblí agus an timpeallacht nádúrtha.
IONTRÁLAITHE 2016
Sráidbhaile
Tír Dhá Ghlas, Co. Thiobraid Árann
Dromad, Co. Liatroma
Scarbhach, Co. Ard Mhacha
Baile Beag
Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
An Chill, Co. Chill Dara
Bruach Sheáin, Co. Aontroma
Maigh Ratha, Co. an Dúin
Baile Mór
Ros Comáin, Co. Ros Comáin
An Cabhán, Co. an Chabháin
Ard Mhacha, Co. Ard Mhacha
Lárionad Mór Uirbeach
Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí
Sord, Co. Bhaile Átha Cliath
An Ómaigh, Co. Thír Eoghain
Doire, Co. Dhoire
Seo a leanas na torthaí go léir:
An Sráidbhaile is Fearr – Tír Dhá Ghlas, Contae Thiobraid Árann
Baile Beag is Fearr – Bruach Sheáin, Contae Aontroma
Baile Mór is Fearr – Ard Mhacha, Contae Ard Mhacha
Lárionad Mór Uirbeach is Fearr – Baile an Chollaigh, Contae Chorcaí
Buaiteoir Iomlán – Bruach Sheáin, Contae Aontroma