An tOrdú Logainmneacha (Contae Cheatharlach) (Dréacht)
Tá sé i gceist ag an gCoiste Logainmneacha comhairle a thabhairt don Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., ordú logainmneacha a dhéanamh chun leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha Chontae Cheatharlach a dhearbhú.
Sula dtugann sé a chomhairle, is mian leis an gCoiste moltaí a fháil ón bpobal maidir leis an ordú atá molta, na leaganacha Gaeilge san áireamh. Chun deis a thabhairt an dréacht-ordú a scrúdú, tá dréacht den ordú atá beartaithe á fhoilsiú ag an gCoiste.
Is féidir teacht ar an dréacht-ordú ag:
An tOrdú Logainmneacha (Contae Cheatharlach) (Dréacht)
Tá na leaganacha Gaeilge sa dréacht-ordú bunaithe ar obair an Bhrainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Scrúdófar na moltaí sula dtabharfar comhairle don Aire Stáit faoin ordú logainmneacha.
Ba cheart moltaí a sheoladh i bhfoirm aighneachtaí i scríbhinn chuig an mBrainse Logainmneacha, 43-49 Bóthar Mespil, Baile Átha Cliath 4 nó ar ríomhphost chuig logainmneacha@ahg.gov.ie tráth nach déanaí ná 22 Eanáir 2016.