26/02/15
€10,922 ceadaithe do Spórtlann Leitir Móir ag an Aire Stáit McHugh
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €10,922 ceadaithe aige do Spórtlann Naomh Anna, Leitir Móir chun cur ar a gcumas breis trealaimh a cheannach don ghiomnáisiam.
Dúirt an tAire Stáit agus é ag fógairt an deontais go raibh áthas ar bheith in ann cuidiú leis an gCumann gníomhach seo chun cur lena n-áiseanna – áiseanna a bhíonn á n-úsáid ag an gCumann Peile, ag Campaí Samhraidh agus ag Coláistí Gaeilge chomh maith le sean agus óg an cheantair.
Críoch