23/10/17

Deontas €110,330 ceadaithe do Chomhairle Chonnacht CLG chun scéim oiliúna peile, iománaíochta agus liathróid láimhe a sheachadadh ar son na Roinne don scoilbhliain 2017/2018

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu go bhfuil deontas suas le €110,330 ceadaithe aige do Chumann Lúthchleas Gael - Comhairle Chonnacht chun cur ar a gcumas an Scéim Oiliúna Peile, Iománaíochta agus Liathróid Láimhe a reáchtáil don scoilbhliain 2017/2018 i scoileanna faoi leith i nGaeltacht Chonamara agus i dTuar Mhic Éadaigh.

Dúirt an tAire Stáit gur cúis sásaimh dó é go bhfuil a Roinn ábalta an cúnamh seo a chur ar fáil do Chomhairle Chonnacht chun deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil trí chlár spóirt i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna faoi leith i nGaeltacht Chúige Chonnacht. “Mar gheall ar an obair iontach atá ar bun ag Comhairle Chonnacht faoin scéim seo le blianta anuas, tá an deis tugtha d’aos óg na Gaeltachta an Ghaeilge atá acu a úsáid agus a shaibhriú i dtimpeallacht shiamsaíochta an spóirt,” a dúirt an tAire Stáit.

Is faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an t-allúntas seo á cheadú.

Nóta don eagarthóir

Téann teagascóirí thart chuig scoileanna i nGaeltacht Chonamara, Árainn agus Tuar Mhic Éadaigh ag múineadh scileanna peile, iománaíochta agus liathróide láimhe do na daltaí trí mheán na Gaeilge. Tá an scéim ag feidhmiú i 36 bunscoil agus 10 iar-bhunscoil.

CRÍOCH

Scoileanna faoi riaradh Chomhairle Chonnacht CLG - 2017/2018

 

Ainm na Scoile Uimhir thagartha an Limistéir Pleanála Teanga lena mbaineann
Bunscoileanna
S.N. Thuar Mhic Éadaigh 09
S.N. Mhuire, An Tuairín, An Cheathrú Rua 13
S.N. Mhic Dara, An Cheathrú Rua 13
S.N. Seamus Naofa, Bearna 18
Gaelscoil Mhic Amhlaigh 18
S.N. Bhríde, Leitir Caladh 12
S.N. Cholm Cille, Leitir Móir 12
S.N. Rónáin, An Trá Bán 12
S.N. Tír an Fhia, Leitir Móir 12
S.N. Leitir Mealláin 12
S.N. Sailearna, Indreabhán 16
S.N. Cholm Cille, Ros an Mhíl 13
S.N. na bhForbacha 16
S.N. Cholm Chille, An Tulach 16
S.N. Éinne, An Spidéal 16
S.N. an Aird Mhóir, Carna 14
S.N. Muire Gan Smál, Camus 14
S.N. Mhuire, Turloch Beag 14
S.N. na hAirde Thiar, Carna 14
S.N. Bhriocáin, Rosmuc 14
S.N.  Naomh Ciarán, Cill Chiaráin 14
S.N. Cholmáin, Muigh Inis 14
S.N.  Mhuire, Carna 14
S.N. Naomh Pádraig, An Chloch Bhreac 15
S.N. an Fhairche 15
S.N. Mhuire, Cor na Mona 15
S.N. Tír na Cille, An Mám 15
S.N. Bhaile Nua, Maigh Cuilinn 17
S.N. Inis Meáin, Árainn 11
S.N. Chaomháin, Inis Oírr 11
S.N. Rónáin, Inis Mór 11
S.N. Eoin Pól II, Inis Mór 11
S.N. Iosef, Rathún 18
S.N. Tuairíní, Maigh Cuilinn 17
Scoil Mhuire, Maigh Cuilinn 17
S.N. Thulach Uí Chadhain, Maigh Cuilinn 17
Iar-bhunscoil
Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh 09
Scoil Chuimsitheach Chiaráin 13
Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal 16
Coláiste Cholmcille, Indreabhán 16
Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin 11
Gairmscoil na bPiarsach, Rosmuc 14
Scoil Phobail Mhic Dara, Carna 14
Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna 15
Coláiste Naomh Éinne, Árainn 11
Coláiste Ghobnait, Inis Oírr 11

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service