16/11/16
€12,762 ceadaithe do CLG Chill Chartha ag an Aire Stáit Kyne
Tá fógartha ag Seán Kyne T.D., an t-Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, go bhfuil deontas suas le €12,762 ceadaithe aige do Chumann Lúthchleas Gael Chill Chartha, Co. Dhún na nGall.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh an-áthas air deontas a chur ar fáil a chuideoidh leis an gcumann binsí agus áiseanna eile a thógáil ar an bpáirc peile - a bheadh ann do mhuintir na háite agus imreoirí araon.
Críoch