26/02/15

€13,152 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choláiste Chú Chulainn

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go raibh deontas de €13,152 – 50% den chostas - ceadaithe aige do Choláiste Chú Chulainn i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall chun trealamh a cheannach a bheidh in úsáid le linn cúrsaí sa choláiste.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire McHugh “Tá áthas mór orm deontas a chur ar fáil don Choláiste gníomhach seo. Cuirfidh an trealamh a bheidh á úsáid acu ar an fharraige go mór leis an réimse gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl sa  choláiste. Agus beidh trealamh suas chun dáta á úsáid sna seomraí ranga chun an Ghaeilge a mhúineadh ar bhealaí nua-aimseartha”.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service