10/11/15
€1,377 ceadaithe d’Áislann Rann na Feirste ag an Aire Stáit McHugh
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD., inniu go bhfuil deontas de €1,377 ceadaithe aige d’Áisleann Rann na Feirste, Anagaire, Co Dhún na nGall, chun trealamh a cheannach.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire McHugh “Tá áthas mór orm deontas a chur ar fáil don Áislann gníomhach seo. Cuirfidh an trealamh seo go mór leis na háiseanna atá ar fáil san ionad agus tabharfaidh sé deis dóibh taifead a dhéanamh ar an stór luachmhar déantúsán agus litríochta atá acu san ionad.”
Críoch