16/11/15
€1,500 ceadaithe d’Fhóram Pobail Iorras Aintheach ag an Aire Stáit McHugh
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €1,500 ceadaithe aige d’Fhóram Pobail Iorras Aintheach, Carna, Co. na Gaillimhe, chun cuidiú leo an t-irisleabhar ‘Iorrais Aithneach’ a fhoilsiú.
Agus é ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit McHugh: “Tá áthas orm an deontas seo a fhógairt. Tabharfaidh an t-irisleabhar deis do shean agus d’óg an cheantair ábhar i nGaeilge a bheas spéisiúil dóibh a léamh agus bród sa saibhreas cultúrtha atá sa gceantar a léiriú.”
CRÍOCH