17/11/15
€15,610 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh T.D., d’Fhorbairt Chonamara Láir.
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas €15,610 ceadaithe aige d’Fhorbairt Chonamara Láir, Carna, Co na Gaillimhe, chun cur ar a gcumas trealamh a cheannach don chlós spraoi atá acu i gCarna.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé an-sásta an deontas a chur ar fáil don chomharchumann gníomhach seo a chuideoidh leo ina gcuid oibre ag cur na Gaeilge chun cinn sa cheantar.
CRÍOCH