11/11/15

€17,274 ceadaithe don tSean-Bheairic ar an bhFál Carrach ag an Aire Stáit McHugh

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €17,274 ceadaithe aige don tSean-Bheairic, an Fál Carrach, Co. Dhún na nGall, chun oibreacha riachtanacha a chur i gcrích agus trealamh áirithe a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire McHugh, “Tá áthas mór orm deontas a chur ar fáil don ionad gníomhach seo. Cuirfidh an obair agus an trealamh seo go mór leis na háiseanna atá ar fáil san ionad don phobal áitiúil.”

CRÍOCH

 

 

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service