21/09/15
€17,943 ceadaithe do Chomhairle Ceantair na nOileán, Leitir Móir, ag an Aire Stáit McHugh
Dé Luain, 21 Meán Fómhair 2015—D'fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas ar fiú €17,943 é ceadaithe aige do Chomhairle Ceantair na nOileán, Tír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe chun cuidiú leo oibreacha slándála a chur i gcrích agus trealamh a cheannach.
Ag fógairt an deontais dó dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go bhfuil ar a chumas cuidiú leo leis an obair thábhachtach atá á déanamh acu ag cur na Gaeilge chun cinn agus ag forbairt a gceantar feidhme.
CRÍOCH