€20,250 ceadaithe ag an Aire Stáit Joe McHugh T.D. do Spleodar
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., inniu go bhfuil deontas €20,250 ceadaithe aige do Choláiste Gaeilge Spleodar, Co na Gaillimhe, chun cur ar a gcumas mionbhus a cheannach do chúrsa nua a bheidh ar siúl acu i dTír an Fhia an samhraidh seo chugainn.
Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé an-sásta deontas a chur ar fáil don Choláiste seo a chuideoidh leo cúrsaí sa bhreis a chur ar fáil agus, ar na mbealach sin, an Ghaeilge a chur chun cinn agus daoine óga a spreagadh chun í a úsáid.
CRÍOCH