21/09/15

€2,198 ceadaithe do Choláiste Chamuis, Ros an Mhíl, ag an Aire Stáit McHugh

Dé Luain, 21 Meán Fómhair 2015—D'fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas ar fiú €2,198 é ceadaithe aige do Choláiste Chamuis i Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe, chun cuidiú leo oibreacha slándála a chur i gcrích, chomh maith le trealamh a cheannach don choláiste.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh “Tá áthas orm deontas a chur ar fáil don Choláiste seo.  Cuirfidh an trealamh go mór leis na háiseanna atá ar fáil don Choláiste Gaeilge agus don phobal araon a bhaineann úsáid as an ionad i Ros an Mhíl.”

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service